Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 23
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I nGEARMÁINIS
Buchstabenhausen
ISBN: 978-3-7512-0440-8
Maja Knochenhauer & Jonas Tjäder
Oetinger
Fáilte go Buchstabenhausen! Is cuma más A le haghaidh 'Aerfort', B le haghaidh 'Búistéir' nó C le
haghaidh 'Coláiste' atá ann, seasann gach litir san aibítir anseo d9fhoirgneamh beo bríomhar. Ó na
Póilíní a oibríonn go dian in P go dtí na hainmhithe a d9éalaigh ón zú in Z: Sa phictiúr leabhar ildaite
seo, foghlaimíonn páistí, ó aois 4 ar aghaidh, litreacha na haibítre ar bhealach spraíúil. In éineacht
le gach litir tá rann gearr olíochta a spreagann daoine fásta agus páistí araon machnamh a
dhéanamh ar áiteanna a mbuaileann daoine le chéile, agus ar a mbaile féin. Fágann na léaráidí áille
ar na litreacha gur leabhar thar a bheith speisialta é an leabhar seo. Cuireann sé sin spraoi i
bhfoghlaim na haibítre!
Faszination Krake
ISBN: 978-3701182022
Wesen einer unbekannten Welt
Michael Stavaric
Leykam
Cad atá i bpáirt ag an aigéan agus ag an spás amuigh? Conas a tharla gur ann d9ochtapais agus do
dhaoine? Cad is ceifealapóid ann go díreach – agus cén fáth a bhfuil ainm neamhghnách orthu? Is
iad na hochtapais na créatúir éirimiúla is sine ar ár bpláinéad, fíoreachtráin a bhfuilimid faoi
dhraíocht ag a gcumais. Tá leabhar neamhfhicsin cruthaithe ag Michael Stavaric agus ag Michèle
Ganser ina bhfuil go leor castaí iontais ann a thugann níos mó ná eolas dúinn. In éineacht leis na
léitheoirí, téann siad isteach i ndomhan an ochtapais agus tugann siad cuireadh dúinn dul leo san
eachtra. Leabhar chomh neamhghnách leis an ochtapas féin: leabhar a thugann spreagadh duit le
smaoineamh agus le bheith rannpháirteach, lán le sonraí cliste agus cuir síos bhríomhara. Is
fothoradh é go mbeidh eolas agat ar deireadh ar gach rud tábhachtach a bhaineann le solas, an
Domhan, éabhlóid, géineolaíocht agus tuilleadh!
23