Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 4
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
Smaointe do mhúinteoirí maidir le huasoiliúint i dteanga iasachta
❯ Sainaithin eochairfhocail agus nathanna
a bhaineann le téamaí faoi leith, an
nádúr, an timpeallacht, an gnáthshaol,
mar shampla, agus foghlaim iad. Bain
úsáid as Taifead Foghlama Teanga don
Mhúinteoir chun eochairfhocail agus
nathanna a bhaineann le téamaí
coitianta a aithint, a thaifeadadh agus a
chleachtadh.
❯ Bain úsáid as teanga agus léaráidí ó
leabhair pictiúr chun ceisteanna anghearr, simplí a chur agus a fhreagairt
faoi ábhair nithiúla, faoi ábhair
phearsanta agus faoi théamaí coitianta
sa T3.
❯ Sainaithin teanga a úsáidtear go rialta
sna leabhair agus cleacht iad chun éirí
níos muiníní maidir lena húsáid i
bhfíorchumarsáid.
4
❯ Forbair bailiúchán pearsanta focal,
bailiúchán scríofa nó i bhfoirm
dhigiteach, chun tacú le foghlaim, le
cuimhneamh orthu agus le hathúsáid
teanga de réir a chéile.
❯ Bain úsáid as foclóirí, uirlisí aistriúcháin
agus foghraíochta ar bhonn criticiúil
chun brí agus foghraíocht a chinntiú.
❯ Déan taifeadadh ort féin ag léamh agus
éist leis arís, chun tógáil ar líofacht, ar
chruinneas agus ar mhuinín de réir a
chéile.
❯ Cuardaigh ar líne le haghaidh
léirmheasanna ar na leabhair sa liosta
seo. D’fhéadfá teacht ar léirmheasanna
ar raon meán (blaganna, físeáin,
ríomhfhoilseacháin) sa sprioctheanga.
Tabharfaidh siad sin tacaíocht duit agus
tú ag labhairt mar chleachtadh faoi na
leabhair sa sprioctheanga.