Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 5
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
Smaointe don seomra ranga
❯ Ar dtús, roghnaigh leabhair pictiúr ar
ábhair a bhfuil taithí ag na páistí orthu.
Cuir ceisteanna an-ghearr, simplí sa T3,
agus tú ag tacú le tuiscint na bpáistí trí
mhéar a dhíriú, trí gheáitsí agus trí
ghotha gnúise. Aithneoidh na páistí go
bhfuil eolas, straitéisí agus scileanna acu
atá foghlamtha acu ina T1 agus T2 agus
cuirodh siad i bhfeidhm iad chun tacú
lena dtuiscint agus lena gcumarsáid ina
T3.
❯ Bain úsáid as leabhair pictiúr mar
spreagadh chun tógáil ar fheasacht na
bpáistí ar theangacha agus ar chultúir.
Déanfaidh na páistí iniúchadh ar fhocail,
ar fhuaimeanna, ar ainmneacha, ar
íomhánna, ar thagairtí cultúrtha agus ar
ghnéithe físiúla sna leabhair, agus
oosróidh siad cosúlachtaí agus difríochtaí
idir Gaeilge, Béarla, an T3 agus na
teangacha eile a labhraítear sa seomra
ranga.
❯ Déanann roinnt de na
leabhair ar an liosta
iniúchadh ar an
ngnáthshaol, ar
thimpeallachtaí, ar
thraidisiúin, ar
áiteanna, ar ghnáthaimh, ar
chomhghnásanna sóisialta agus ar
dhearcthaí i gcultúir éagsúla. Oibríonn na
leabhair seo mar a bheadh áis chun
forbairt a dhéanamh ar fheasacht agus ar
thuiscint na bpáistí ar a gcultúr féin agus
ar chultúir agus ar thraidisiúin sa rang
agus sa domhan mór.
❯ Cuir deiseanna ar fáil do na páistí a gcuid
eolais ar theangacha a úsáid, lena náirítear Gaeilge, Béarla agus an T3,
teangacha baile agus teangacha eile a
bhfuil eolas ag na páistí orthu. Bain úsáid
as an eolas sin chun téamaí sna leabhair
pictiúr a phlé, chun tréithe agus codanna
de theangacha eile a chur i gcomparáid
agus i gcodarsnacht, chun patrúin a
thabhairt faoi deara, más ann dóibh, agus
chun naisc a dhéanamh.
❯ Tabhair réimse solúbtha deiseanna do na
páistí an teanga a thuiscint agus freagra a
thabhairt, lena n-áirítear
idirghníomhaíocht labhartha, fhísiúil
agus thacaithe. Tacaigh leis na páistí na
bealaí is úsáidí agus is éifeachtaí go
pearsanta den fhoghlaim teanga a aimsiú
trí ábhair nithiúla, prapaí nó scanáil eile a
úsáid atá nasctha leis an leabhar pictiúr.
❯ Cruthaigh roinn i leabharlann an ranga
do leabhair neamhfhicsin i nGaeilge, i
mBéarla agus sa T3, agus sna teangacha a
labhraíonn páistí sa rang, agus i
dteangacha eile a bhfuil suim ag na páistí
iontu.
❯ Cuir deiseanna ar fáil do na páistí
féachaint ar na leabhair pictiúr agus iad a
athléamh go neamhspleách.
❯ Bain úsáid as Taifead Foghlama
Teanga don Mhúinteoir chun
machnamh a dhéanamh ar
ghnéithe de leabhar a
thacaíonn le páistí na torthaí
foghlama a bhaint amach.
5