Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 6
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
Smaointe do leasú agus treisiú
❯ Forbair cluichí agus gníomhaíochtaí
ranga ón leabhar pictiúr, agus tú ag
tarraingt ar thorthaí foghlama na
Sonraíochta Teanga. D9fhéadfá úsáid a
bhaint as gníomhaíochtaí meaitseála a
nascann na focail nó na nathanna le
híomhánna sa leabhar, úsáid a bhaint as
gníomhaíochtaí stór focal agus biongó
pictiúr, stiallghreannáin nó ollteáin fíricí a
chruthú bunaithe ar ábhar nó ar théamaí
sna leabhair.
❯ Cruthaigh tagairt fhísiúil, agus
eochairfhocail agus nathanna ó na
leabhair a roghnaigh tú in úsáid, mar
shampla, meabhairmhapaí, taispeántas
stór focal, ballaí focal, léaráidí, foclóirí
pictiúr, léaráidí lipéadaithe, chun tacú le
súil siar agus le neartú na foghlama.
6
❯ Cruthaigh cártaí leide ar a bhfuil
ceisteanna agus freagraí simplí faoin
leabhar nó faoi ábhar an leabhair.
❯ Bain úsáid as uirlisí digiteacha chun tacú
le foghraíocht agus le tuiscint trí ionchur
ilmhódach, formáidí fuaime, físe agus
idirghníomhacha san áireamh.
Nóta:
Bain úsáid as uirlisí digiteacha agus uirlisí a
dtacaíonn IS leo ar bhealaí eolacha,
oúntacha, eiticiúla. Tá tuilleadh eolais, agus
eolas atá ag forbairt, ar úsáid IS i
scoileanna, ar fáil ó Threoir na Roinne
Oideachais agus Óige ar IS i Scoileanna,
agus i dtacaí a thugann Oide agus an
Chomhairle Náisiúnta um Oideachas
Speisialta (CNOS).