Leabhair Pictiúr Neamhfhicsin - Flipbook - Page 9
Leabhair Pictiúr Neamhnicisin Liosta coimeádta agus smaointe chun tacú le foghlaim agus le teagasc nuatheangacha iasachta sa seomra ranga bunscoile
LEABHAIR I bhFRAINCIS
L’extraordinaire machine du climat
ISBN: 9782330150587
Cécile Guibert Brussel & Marion Marchand; Vincent Bergier (maisitheoir)
Actes Sud Jeunesse
Meánleibhéil na farraige ag ardú, teochtaí ag ardú agus tubaistí nádúrtha níos measa: is cosúil go
bhfuil an nádúr imithe ó smacht. Is cúis bhuartha iad na feiniméin seo, conas is féidir linn iad a
mhíniú? An bhfuil siad tar éis teacht aniar aduaidh orainn, nó an ndearna daoine iad nó an é nach
féidir linn iad a iompú ar ais? Chun na ceisteanna seo, agus chun modh oibre chóras aeráide an
Domhain a thuiscint, déantar iniúchadh, céim ar chéim, ar na meicníochtaí a mhúnlaíonn aeráid ár
bpláinéid sa leabhar seo. Ó shamplaí de chroíleacán oighir agus de thimthriall an uisce go
héifeacht an fhéileacáin, gaofaireacht eallaigh, agus tuairiscí ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú
Aeráide (IPCC), tugtar mionléargas ar na dúshláin chomhaimseartha aeráide sa leabhar saibhir
intuigthe seo le Cécile Guibert Brussel agus Marion Marchand-Richard, ina gcuirtear ceisteanna
reatha i gcomhthéacs leathan stairiúil agus eolaíoch. Cuirtear beocht sna smaointe casta i léaráidí
cruinne, mealltacha Vincent Bergier, agus cuireann siad blas éadrom greannmhar leis an iniúchadh
eolasach ar an aeráid agus ar an timpeallacht.
En 4 temps
ISBN: 978-2-226-44715-9
Bernadette Gervais
Éditions Albin Michel
Ar fáil in Ollainnis, i nGearmáinis agus in Iodáilis freisin
Roinneann Bernadette Gervais an t-am ina cheithre sheicheamh, agus briseann sí síos
gluaiseachtaí, athruithe agus claochluithe. I roinnt seicheamh, níl ach cúpla soicind idir an chéad
íomhá agus an íomhá dheireanach, i gcásanna eile, tá uaireanta an chloig nó blianta eatarthu.
Bogann an giorria chomh tapa gur ar éigean a fheicimid ag bogadh trí na painéil é, ach glacann sé
roinnt laethanta ar an bpoipín bachlóga a chur amach, bláthú agus feo, agus glacann sé bliain
iomlán ar na ceithre shéasúr athrú a dhéanamh ar an talamh thart ar an teach. Ábhar machnaimh
ar sholúbthacht an ama, ar an mbealach a n-imríonn sé tionchar ar dhaoine agus ar rudaí, á n-athrú
agus á mbogadh, imeartas ar mhacallaí ag súgradh... Ó leathanach amháin go dtí an chéad cheann
eile, bainfear gáire as an bpáiste nuair a fheiceann sé go nglacfaidh sé ocht bpainéal, ar a laghad, ar
an seilide imeacht ó radharc!
Ocean
ISBN: 9782732487434
Emmanuelle Grundmann; Hélène Druvert (maisitheoir)
Éditions de La Martinière
Ar fáil i nGearmáinis, i mBéarla, in Iodáilis, i Spáinnis agus tuilleadh!
Tóg anáil mhór agus tum isteach sa leabhar mór álainn seo, ina n-úsáidtear gearrthóga gleoite
agus léaráidí gearrtha ag léasar, chun an t-aigéan a iniúchadh ó líne chladaigh éadomhain go
doimhneacht dhorcha na farraige. Déanann amharclann choiréalach, ina bhfuil scoth na
ceardaíochta, léiriú ar a bhfuil domhan beo faoi uisce. Anuas ar ghluaiseacht na dtonnta agus na
farraige, cuireann Hélène Druvert beocht sna créatúir a chónaíonn san aigéan: oscail na napaí chun
teacht ar shliogéisc agus ar phortáin i bhfolach faoi charraigeacha, nó féach ar mháthair shúigh
ollmhór. Ag deireadh an turais, tá meabhrú ar an ngá atá ann na haigéin a chaomhnú.
9