Open Night Toolkit Supplementary Resource (Irish) - Flipbook - Page 2
Sraith Acmhainní don Oíche Oscailtee
Moltaí breise le haghaidh gníomhaíochtaí a chuirfidh teangacha chun
cinn ar an oíche oscailte!
Dearadh an áis bhreise seo chun teacht leis an tSraith Acmhainní don Oíche Oscailte de chuid
Cuir Fáilte Roimh Theangacha (languagesconnect.ie/open-night-toolkit/). Tá moltaí breise ann
chun teangacha a chur chun cinn ar bhealaí mealltacha, ag díriú ar mholtaí phraiticiúla is féidir
a chur i bhfeidhm go héasca ar an Oíche Oscailte i do scoilse.
Ó thóraíocht taisce go biongó go cluichí cuimhne agus taispeántais íomhánna, tá mar aidhm
ag na gníomhaíochtaí seo timpeallacht náilteach, shaibhir ó thaobh teanga de, a chruthú, ina
spreagtar fiosracht, agus ina n-aibhsítear an luach a bhaineann le foghlaim teanga i measc
na scoláirí atá ag teacht isteach sa scoil.
Bain úsáid as na smaointe san áis bhreise seo chun cur le do chuid pleananna
reatha, leasaigh na smaointe chun iad a chur in oiriúint don spás agus don am
atá agat, agus bíodh teangacha soneicthe, agus ina gcuid iontach den
Oíche Oscailte i do scoilse.
Gníomhaíochtaí a mholtar
Tóraíocht taisce idirghníomhach
Bileog le haghaidh tóraíocht taisce spraíúil idirghníomhach, é lán le focail choitianta sa sprioctheanga. Cuir ar
fáil iad ar fud an tseomra ranga nó ar fud na scoile.
San áireamh anseo, cuir lipéid ar dhorais seomraí ranga, fógraí sna pasáistí, nó nithe sa seomra teangacha.
Rachaidh rannpháirtithe ar thóir na bhfocal seo agus iad ag bogadh tríd an scoil, agus scríobhfaidh siad síos
gach ceann a aimsíonn siad. De bharr an chluiche seo, bíonn an teanga lasmuigh den seomra ranga ionas go
bhfeicodh na scoláirí teangacha i rith na hoíche oscailte.
Ba chóir na bileoga líonta a thabhairt ar ais sa seomra teangacha, nó ag pointe faoi leith, chun duais bheag
nó teastas beag a fháil, rud a chuireann fuadar agus luach saothair leis an oíche!
Féach thíos sampla den chuma a d9fhéadfadh a bheith ar an tóraíocht taisce. D9fhéadfá é a úsáid mar atá nó é
a chur in oiriúint do do chomhthéacs féin.
languagesconnect.ie
1