Open Night Toolkit Supplementary Resource (Irish) - Flipbook - Page 4
Biongó teanga
Oibrigh leis na scoláirí atá ina gcúntóirí mar d9fhéadfaidís tacú leat i reáchtáil an chluiche seo!
• Tá cártaí ag scoláirí nua na bliana seo. Tá raon focal ar na cártaí (agus focail ghaolmhara nó íomhánna, más
maith leat).
• Glaonn an múinteoir, nó scoláire atá ina chúntóir, focal amach, agus marcálann na scoláirí nua an cárta
nuair a chloiseann siad an focal.
• D9fhéadfadh 9 bhfocal a bheith ar na cártaí. Is é an chéad duine a fhaigheann trí cinn as a chéile a bhuann.
Smaoinigh ar chláir bhána idirghníomhacha de chuid Languages Connect a úsáid don ghníomhaíocht seo!
Cluiche cuimhne
• Cártaí a bhfuil nithe agus íomhánna i dteangacha éagsúla orthu, cuirtear béal faoi ar bhord iad, agus
tiontaítear dhá chárta béal in airde gach seal.
• Déanann na himreoirí iarracht focal agus íomhá a mheaitseáil sa sprioctheanga. Nó, d9fhéadfaidís dhá
chárta a mheaitseáil, a bhfuil íomhá agus focal a chuireann síos ar an íomhá ar an dá cheann acu.
D9fhéadfadh beirt scoláirí imirt le chéile, nó scoláire agus tuismitheoir/caomhnóir.
• Mura bhfuil múinteoir ann, fág nóta lannaithe ar a bhfuil na treoracha don chluiche.
Gníomhaíocht le Léarscáil ollmhór a dhathú isteach
Socraigh roinnt léarscáileanna domhanda A3 ar bhord nó ar bhalla, áit ar féidir le cuairteoirí bailiú le chéile.
Cuir marcóirí nó pinn luaidhe ildaite ar fáil, agus tabhair cuireadh do scoláirí agus do theaghlaigh tíortha nó
réigiúin a dhathú isteach de réir mar a aithníonn siad iad. Chun an ghníomhaíocht a dhéanamh níos
idirghníomhaí agus níos oideachasúla, smaoinigh ar chártaí beaga nó noda a chur thart ar an léarscáil. Iarr ar
chuairteoirí na nithe thíos a dhéanamh, mar shampla:
• Cuir dath ar thír ina labhraítear teanga faoi leith.
• Marcáil sainchomhartha clúiteach faoi leith (m.sh. Túr Eifel, Balla Mór na Síne) agus scríobh an t-ainm.
• Greamaigh nóta, ar a bhfuil beannacht i dteanga eile, leis an tír ina labhraítear an teanga sin.
• Cuir bileog thagartha nó treoir íomhánna in aice láimhe, ar a dtaispeántar samplaí de shainchomharthaí,
brait, agus beannachtaí a spreagfaidh daoine chun páirt a ghlacadh sa chluiche.
• Spreag na scoláirí atá ina gcúntóir, nó na hambasadóirí teanga, chun cuairteoirí a threorú agus fíricí spraíúla
faoi na tíortha agus teangacha a thabhairt dóibh.
Cluiche Boules Beaga (gníomhaíocht lasmuigh nó sa halla)
Má tá spás ann chuige i bhfohalla, i gclós nó i seomra mór ranga, mar shampla, smaoinigh ar chluiche boules
beaga (nó pétanque) a leagan amach, chun gníomhaíocht spraíúil, ábhartha, ó thaobh an chultúir de, a chur
leis an Oíche Oscailte.
• Conas é a leagan amach:
Bain úsáid as foireann boules beaga (tá leaganacha plaisteacha nó cúr bog an-oiriúnach le húsáid laistigh).
Marcáil spás beag imeartha le téip nó le cóin.
Cuir treoracha simplí i gcló agus ar fáil ionas gur féidir le cuairteoirí imirt go neamhspleách.
D9fhéadfadh na cúntóirí an cluiche a thaispeáint agus é a choinneáil ag bogadh ar aghaidh.
• An áit le foireann a fháil:
Is minic a bhíonn boules beaga nó pétanque ag miondíoltóirí ar líne nó ag soláthraithe a dhíolann nithe
oideachasúla. Seans go mbeidh leagan oiriúnach do pháistí ag siopaí bréagán nó ag siopaí spóirt. Nó, déan
do leagan féin as liathróidí boga nó málaí pónairí.
3
languagesconnect.ie