Open Night Toolkit Supplementary Resource (Irish) - Flipbook - Page 5
Rás le Cupáin a bhfuil Uimhreacha orthu
Tóg deich gcupán páipéir agus scríobh uimhir idir a haon agus a deich ina hiomláine sa sprioctheanga ar
gach ceann díobh.
• Cuir na cupáin béal faoi chun é a dhéanamh níos éasca iad a bhogadh thart.
• Measc suas iad agus iarr ar scoláirí iad a chur san ord ceart de réir na n-uimhreacha. D9fhéadfá tuismitheoirí
a spreagadh fosta le páirt a ghlacadh ann.
• Cuir dhá bhailiúchán cupán ar fáil chun rás a dhéanamh idir imreoirí/foirne.
• Chun tacú le foghlaimeoirí, tá sé tábhachtach go mbeidh rud éigin ar fáil in aice láimhe le féachaint air - ar a
bhfuil na huimhreacha sa sprioctheanga. D9fhéadfá nóta a chló; nóta a bhfuil treoracha don ghníomhaíocht
air. Cuir tagairt d9uimhirlíne isteach mar íomhá, mar shampla, nó bileog gníomhaíochta meaitseála, agus na
huimhreacha 1-10 uirthi sa sprioctheanga. Cuidíonn sé sin le foghlaimeoirí na huimhreacha a aithint agus
tacaíonn sé le foghlaimeoirí a bhfuil nod de dhíth orthu.
Gníomhaíocht le Suaitheantais a Chuireann Teangacha Chun Cinn
• Cuir suaitheantais/greamáin a rinneadh sa bhaile ar fáil do scoláirí nua na bliana seo.
• Cuir liosta ar fáil de fhrásaí úsáideacha sa sprioctheanga, agus iarr ar na scoláirí ceann amháin a roghnú le
scríobh ar a suaitheantas le marcóir.
• Is féidir leo na suaitheantais seo a chaitheamh agus iad ag siúl thart ar an scoil, rud a chuireann foghlaim
teangacha chun cinn ar bhealach spraíúil sofheicthe.
An áit le teacht ar liosta frásaí, nó iad a chruthú:
• Taispeántais teangacha sa seomra ranga:
Tóg frásaí ó phóstaeir, nó ó bhallaí focal, atá in úsáid cheana. D9fhéadfá na mataí teanga, de chuid
Languages Connect, a úsáid. Tá siad ar fáil ar líne anseo https://languagesconnect.ie/language-mats/
• Comhoibrigh le scoláirí Idirbhliana:
Is féidir le scoláirí Idirbhliana cuidiú le cur le chéile liostaí frása, bunaithe ar théamaí, leithéidí beannachtaí,
ábhair scoile, nó caithimh aimsire. D9fhéadfaidís iad a léiriú le híomhánna, nó bailiúchán a bhunú ar
théamaí a chruthú (m.sh. 8Fíricí Fónta9, 8Na Cinn is Fearr Liom9).
A luaithe is atá na liostaí frásaí seo ar fáil, is féidir iad a lannú agus a athúsáid in imeachtaí eile nó i
ngníomhaíochtaí ranga.
Cluichí ar líne
Má tá teicneolaíocht/gléasanna ar fáil i do scoil, agus má thugtar cead iad a úsáid faoi mhaoirseacht, is féidir
úsáid a bhaint as cluichí gearra ar líne, leithéidí Kahoot. Smaoinigh ar oibriú leis na scoláirí atá ina gcúntóirí
chun iad seo a fhorbairt!
Gníomhaíocht: Cúlra do Ghrianghraif – Abair i dteanga eile é!
• Socraigh éadach ildaite nó cúlra digiteach sa seomra teangacha nó in áit lárnach chun atmaisféar fáilteach
bríomhar a chruthú. Is féidir é seo a úsáid freisin mar bhoth spraíúil grianghraf áit ar féidir le cuairteoirí
grianghraif a ghlacadh agus bolgáin chainte chartchláir ina lámh acu, ar a bhfuil beannachtaí nó frásaí
simplí sa sprioctheanga (m.sh.