Open Night Toolkit Supplementary Resource (Irish) - Flipbook - Page 6
Meaitseáil leis an tír dhúchais
Má tá gach nuatheanga iasachta (NTI) á cur chun cinn ón seomra ranga céanna, agus má tá a lán íomhánna
éagsúla ann d9áiteanna sna tíortha sin, is oú ansin smaoineamh ar iarraidh ar na scoláirí atá ar cuairt rudaí, atá
ar taispeáint sa seomra, a mheaitseáil leis an tír dhúchais, m.sh. cáiseanna, foirgnimh cháiliúla, pearsantachtaí.
D9fhéadfaí é sin a úsáid fosta chun rudaí nua sa teanga sin a thabhairt isteach – focal ar chárta amháin agus
íomhá ar chárta eile.
Ag obair le hiarscoláirí
chun a gcuid eispéireas le teangacha san obair/staidéar a roinnt. Bheadh sé mar aidhm ann léiriú a
dhéanamh ar an tionchar a bhí ag foghlaim teanga orthu tríd na heispéiris a bhí acu, agus é seo a chur i
láthair in agallaimh ar fhíseáin agus ar phóstaeir.
Céimeanna san ullmhúchán:
• Sainaithin Iarscoláirí:
Déan teagmháil le hiarscoláirí a rinne staidéar ar theangacha sa scoil, agus a d9úsáid iad i staidéar breise nó
ina ngairm bheatha.
Déan iarracht raon leathan réimsí a aimsiú (m.sh. gnó, taisteal, oideachas, obair idirnáisiúnta).
• Déan agallaimh:
Eagraigh agallaimh ghearra ar fhíseáin (2-3 nóiméad) ina bpléann iarscoláirí an chabhair a thug foghlaim
teangacha dóibh, na heispéiris fhiúntacha a bhí acu le teangacha, agus a gcomhairle do scoláirí reatha.
• Cruthaigh Póstaeir:
Dear póstaeir agus cuir na rudaí tábhachtacha a dúradh air, grianghraif, agus achoimrí ar na hagallaimh.
Cuir isteach ainm an scoláire, an bhliain a chríochnaigh siad, agus an obair nó réimse reatha atá acu.
• Comhoibrigh le foireann TF na scoile:
Cuir isteach leaganacha digiteacha de na físeáin agus de na póstaeir le huaslódáil ar shuíomh gréasáin na
scoile.
Tabhair cuntas gairid scríofa chun an ghníomhaíocht agus an aidhm atá léi a chur i láthair.
• Socraigh gach rud don oíche oscailte:
Croch na póstaeir in áit fheiceálach in aice leis an Roinn Teangacha.
Cuir scáileán nó monatóir ar siúl chun go bhfeicodh daoine na hagallaimh go leanúnach.
Iarr ar bhaill foirne nó ar scoláirí atá ina n-ambasadóirí a bheith ar fáil chun cuairteoirí a threorú agus chun
ceisteanna a fhreagairt.
Comharthaí teanga a chruthaíonn scoláirí – taispeántas scoile uile
Roimh an oíche oscailte, iarr ar scoláirí comharthaí ildaite a chruthú i dteangacha éagsúla le cur ar taispeáint
ar fud na scoile. Is féidir na nithe seo a chur san áireamh:
• Lipéid seomra ranga (m.sh.