Open Night Toolkit Supplementary Resource (Irish) - Flipbook - Page 7
Aghaidheanna clúiteacha, guthanna Iasachta – stáisiún inspioráide teanga
Cuir scáileán nó teilgeoir sa seomra teangacha nó in áit lárnach chun gearrthóga gearra físeáin de réaltaí mór
le rá ag caint i dteanga iasachta. Seo thíos roinnt samplaí
• Timothée Chalamet ag caint i bhFraincis
• Sandra Bullock ag caint i nGearmáinis
• Fernando Alonso ag caint in Iodáilis
• Shakira ag caint i bPortaingéilis
• Mila Kunis ag caint i Rúisis
• Kylian Mbappé ag caint i Spáinnis.
Is féidir teacht ar na daoine ar fad thuas, ag caint sa teanga chuí, trí chuardach simplí a dhéanamh ar líne.
Cuir clár taispeántais in aice láimhe, agus cuir fíricí fónta air faoina gcúlra teanga agus faoin mbealach ar
fhoghlaim siad í.
Tolglann na dteangacha – ceol ó áiteanna ar fud an domhain
Cruthaigh atmaisféar fáilteach in ‘Tolglann na dTeangacha’ trí cheol cúlra a sheinm sna sprioctheangacha a
mhúintear sa scoil nó seinn an ceol sa seomra teangacha nó i bpasáistí i rith na hoíche oscailte.
Is féidir na nithe seo a dhéanamh:
• Coinnigh seinnliosta d’amhráin bhríomhara, oiriúnacha don aoisghrúpa, i ngach teanga, nó bain úsáid as na
seinnliostaí atá ar fáil ar shuíomh gréasáin Languages Connect: https:languagesconnect.ie/music-playlists/
• Cuir teidil na n-amhrán agus na gceoltóirí ar taispeáint ar phóstaer nó ar scáileán.
• Fiafraigh de chuairteoirí an féidir leo an teanga a thomhas nó an t-amhrán a mheaitseáil le tír ar léarscáil.
Tumtar cuairteoirí i rithim na dteangacha éagsúla sa ghníomhaíocht seo, rud a chruthaíonn spraoi dóibh.
D’fhéadfá amhrán an-simplí i dteanga iasachta a theagasc do na scoláirí – nó líne nó dhó is féidir le scoláirí nua
na bliana seo a bheith páirteach ann!
Cluichí breise idirghníomhacha
Déan cluichí breise idirghníomhacha ar tháblaí le tacaíocht na scoláirí atá ina gcúntóirí.
Úsáid téarmaí bunúsacha agus déan cluichí atá tapa éasca le himirt mar gur féidir le himreoirí a bheith rathúil
agus go meallann sin an méid is mó daoine chun iad a imirt.
Mar shampla:
• ‘Cas & Abair’ (Bain úsáid as roth atá roinnte ina chatagóirí, mar shampla, ‘beannachtaí’, ‘uimhreacha’, ‘bianna’
agus mar sin de. Nuair a stadann sé ar chatagóir, is gá don scoláire focal a rá nó méar a chur ar fhocal sa
ghrúpa sin) nó
• ‘Mionchártaí Comhrá’ (Noda simplí comhrá [m.sh. Dia duit, is mise ...’, Conas atá tú?’] le tacaíocht
foghraíochta. Is féidir le scoláirí rólimirt a dhéanamh le scoláire atá ina chúntóir nó le cuairteoir eile).
languagesconnect.ie
6