PPLI Audit of Foreign Languages - Flipbook - Page 73
Teangacha Iasachta a Theagasctar sa Scoil: Sraith Shinsearach
Q14
Cé acu de na teangacha iasachta seo a leanas atá ar fáil mar chuid de Chlár na hArdteistiméireachta (an
Ardteistiméireacht Bhunaithe) i do scoil?
Q15
Cá mhéad grúpa ranga atá ag gabháil do na teangacha sin sa 5ú bliain faoi láthair?
Q16
An féidir le daltaí gabháil do líon níos mó ná teanga iasachta amháin mar chuid de Chlár na
hArdteistiméireachta (an Ardteistiméireacht Bhunaithe) i do scoil?
Q17
Cá mhéad dalta atá ag gabháil do líon níos mó ná aon teanga iasachta amháin sa 5ú bliain faoi láthair?
Q18
An gcuireann tú an Ardteistiméireacht Fheidhmeach (ATF) ar fáil i do scoil?
Q19
Cá mhéad dalta atá ag gabháil don chlár seo sa 5ú agus sa 6ú bliain?
Q20
Cé acu de na teangacha iasachta seo a leanas atá ar fáil do dhaltaí mar chuid de Ghairmchlár na
hArdteistiméireachta i do scoil?
Q21
An gcuireann tú Gairmchlár na hArdteistiméireachta (GCAT) ar fáil?
Q22
Cá mhéad dalta atá ag gabháil don chúrsa seo sa 5ú agus sa 6ú bliain?
Q23
Cé acu de na teangacha iasachta seo a leanas atá ar fáil do dhaltaí mar chuid de GCAT i do scoil?
Múinteoirí Teanga Iasachta sa Scoil
Q24
Cá mhéad múinteoir, atá cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta, atá cáilithe le teanga iasachta a
theagasc nach bhfuil á teagasc acu faoi láthair?
Q25
Cé acu de na teangacha seo a leanas atá siad cáilithe agus cláraithe a theagasc?
Q26
An bhfuil machnamh déanta agat ar aon cheann de na teangacha breise seo, atá ag múinteoirí de d’fhoireann,
a chur ar fáil mar chuid de do churaclam?
Q27
Cén fáth?
Q28
An ann do mhúinteoirí i do scoil a d’fhéadfadh aon cheann de na teangacha iasachta seo a leanas a theagasc
tar éis dul faoi breisoiliúint?
72
Audit of Foreign Languages Provision in Post-Primary Schools 2017
Post-Primary Languages Initiative February 2017 Draft Report