PPLI Audit of Foreign Languages - Flipbook - Page 74
Soláthar Teangacha Iasachta a Éagsúlú
Q29
Cé na teangacha ba bhreá leat bheith in ann a chur ar fáil i do scoil, más ann?
Q30
Cén fáth?
Q31
Cé na hacmhainní a bheadh ag teastáil uait leis an soláthar teangacha iasachta a mhéadú ar an gcuraclam i
do scoil?
Teangacha Oidhreachta
Q32
Rangaigh na trí theanga is mó labhairt ag daltaí i do scoil nach bhfuil Gaeilge ná Béarla acu mar
mháthairtheanga.
Q33
An bhfuil cáilíocht tríú leibhéal (nach bhfuil aitheanta ag an gComhairle Mhúinteoireachta faoi láthair) ag aon
duine de do mhúinteoirí in aon cheann de na teangacha sin?
Q34
An ndéanann aon duine de do dhaltaí scrúduithe teanga nach bhfuil ar an gcuraclam don Ardteistiméireacht?
Q35
Cá mhéad dalta a rinne a leithéid de scrúduithe teanga nach bhfuil ar an gcuraclam le trí bliana anuas?
Q36
Rangaigh in ord na scrúduithe teanga nach bhfuil ar an gcuraclam is mó a rinne daltaí i do scoil le trí bliana
anuas?
Q37
An bhfuil tacaíocht ar fáil i do scoil i dtaca le haon cheann de na teangacha seo nach bhfuil ar an gcuraclam?
Q38
Chomh fada le d’eolas, an bhfuil ranganna tacaíochta i dteangacha oidhreachta (ranganna teanga do dhaltaí
d’fhonn cabhrú leo a dteanga dhúchais a choinneáil) ar fáil taobh amuigh den scoil agus an bhfuil sé éasca
rochtain orthu?
Q39
Chomh fada le d’eolas, cé a chuireann na ranganna sin ar fáil? (Roghnaigh oiread agus atá bainteach)
Q40
An bhfuil éileamh i do scoil ar thacaíocht le teangacha oidhreachta (ranganna teanga do dhaltaí d’fhonn
cabhrú leo a dteanga dhúchais a choinneáil)?
Q41
Cé na teangacha oidhreachta atá i gceist?
Q42
Dá mbeadh ríomhfhoghlaim (cianfhoghlaim) nó foghlaim chumaisc (meascadh idir cianfhoghlaim agus
foghlaim sa seomra ranga) ar fáil i dteanga oidhreachta, an mbeadh suim ag do scoil a bheith páirteach ann?
Q43
Más mian leat tuairim a nochtadh ar aon ghné eile den soláthar teangacha iasachta i do scoil féin nó i
scoileanna go ginearálta, úsáid an bosca seo.
73
Audit of Foreign Languages Provision in Post-Primary Schools 2017
Post-Primary Languages Initiative February 2017 Draft Report