PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 10
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Nuair a thosaíonn páistí ó theaghlaigh Bhéarla ar scoil ag ceithre bliana go leith d’aois, tá siad i ndiaidh dul trí phróisis
an-chosúil le forbairt theangeolaíoch, chognaíoch agus shóisialta. Ach chothaigh éagsúlacht taithí - a d’fhéadfadh a
bheith gan teorainn - na próisis sin mar gheall ar na difríochtaí i ngnásanna baile, i struchtúr agus dinimic teaghlaigh,
na scéalta a bhfuil siad cleachta leo, na cláir theilifíse a bhféachann siad orthu, na haipeanna ar imir siad leo ar fhóin
chliste agus ar thaibléid a dtuisimitheoirí, na bréagáin atá acu, an teaghlach níos leithne agus na gréasáin shóisialta a
chuir a dtuismitheoirí in aithne dóibh, na háiteanna a ndeachaigh siad ar saoire ... tá an liosta gan teorainn. Tá éagsúlacht
na taithí le feiceáil in éagsúlacht a gcuid ábhar spéise, agus tá sin le feiceáil in éagsúlacht na bhfocal a bhfuil eolas acu
orthu. Bíonn difríocht freisin sna scileanna cumarsáide atá ag páistí réamhscoile, ag brath ar mhinicíocht agus ar stíl
chomhrá a bhfuil taithí acu air taobh istigh agus taobh amuigh den bhaile. Mar is eol go han-mhaith do mhúinteoir ar
bith ag leibhéal na Naíonán Beag, ciallaíonn sin go bhfuil éagsúlacht an-mhór i measc na bpáistí in aon rang
réamhscoile ó thaobh teangacha, sochaí agus cultúir, fiú má labhraíonn siad go léir teanga a áirítear mar an teanga
chéanna sa bhaile. Páistí ó theaghlaigh imirceach a labhraíonn teanga eile seachas an Béarla nó an Ghaeilge sa bhaile
tugann siad éagsúlacht bhreise leo a théann i bhfad thar difríochtaí idir teangacha. Is ó phobail san Afraic agus san
India, áiteanna ina bhfuil an t-ilteangachas* forleathan agus ina bhféadfadh sé athrú go héasca, a thagann roinnt
tuismitheoirí imirceach; is ó thíortha eile a thagann tuismitheoirí eile, tíortha a shamhlaíonn an náisiúnstát le teanga
náisiúnta. Bíonn roinnt de na tuismitheoirí i ndlúth-theagmháil lena dtír dhúchais agus seans go bhfilleann siad uirthi
go rialta, ach tá teagmháil caillte ag roinnt eile díobh, mar gur mhian leo nó gur ghá dóibh. Tá gréasáin sheanbhunaithe
de thacaíocht shóisialta ag roinnt ball de na pobail imirceach, ach níl aon teagmháil nó is beag teagmháil atá ag roinnt
eile díobh le cainteoirí eile a dteanga. Agus díreach mar a tharlaíonn le hÉireannaigh den chineál céanna, léiríonn
éagsúlacht shocheacnamaíoch na dteaghlach imirceach éagsúlacht mhór a gcúlra oideachasúil, a dtaithí agus na rudaí
atá bainte amach acu.
1.3 Na héilimh theangeolaíocha a bhaineann leis an mbunscolaíocht
Sa réamhrá i gCuraclam na Bunscoile 1999 glactar leis go n-éiríonn le foghlaimeoir eolas nua a shealbhú bunaithe ar an
méid eolais atá ag an bhfoghlaimeoir cheana féin: “an méid eolais agus taithí atá ag an bpáiste cheana féin, sin an rud a
chruthaíonn an bonn le haghaidh foghlama”. 13 An t-eolas a thugann daltaí leo chuig an mbunscoil, tugtar “eolas ar
ghníomh” air sin mar gur “léarscáil inmheánach ar an réaltacht” é ar a bhfuil a ngníomhartha bunaithe.14 Tá dúshlán
oideolaíoch ann chun “eolas scoile” (ábhar curaclaim) a chur i láthair agus a phróiseáil i mbealaí inar féidir le daltaí teacht
air ó dhearcadh a n-eolais ar ghníomh; is í an sprioc oideolaíoch cabhrú leo eolas scoile a shú isteach i stór eolais ar
ghníomh atá ag leathadh de shíor agus ag éirí níos sofaisticiúla de réir a chéile. Aontaítear go forleathan faoi chumarsáid
sa seomra ranga gurb é an modh is iontaofa í chun an sprioc seo a bhaint amach, mar go ligeann sí do dhaltaí dul ar
aghaidh faoina stiúir féin agus rudaí a dhéanamh agus spreagann sí iad le smaoineamh os ard – cumarsáid, i bhfocail
eile, atá dialógach trialach. Tagann seo leis an gcéad cheann de na prionsabail oideolaíocha a bhíonn mar bhonn faoin
gcur chuige ilteangach (cuid 1.1 thuas). Mar a luann Curaclam na Bunscoile, “tá teanga lárnach sa phróiseas foghlama”. 15
Ceann d’aidhmeanna ginearálta an churaclaim is ea “le páistí a chumasú le foghlaim conas foghlaim” 16 agus cuirtear seo
i gcrích nuair is gá dóibh réiteach fadhbanna a dhéanamh ina gcaithfidh siad “fianaise a scrúdú, a chur le chéile agus a
13
14
15
16
Curaclam na Bunscoile, Réamhrá, Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair, 1999, lch. 8.
D. Barnes, ó Communication to Curriculum, Harmondsworth: Penguin, 1976, lch. 80.
Curaclam na Bunscoile, Réamhrá, lch. 8.
Ibid., lch. 7.
PPLI delivering
10
Supported by