PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 11
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
mheasúnú, ceisteanna ábhartha a chur, eolas tábhachtach a aithint, bun na faidhbe a aithint, réitigh a mholadh, agus
breithiúnais eolacha a dhéanamh” (cf. an ceathrú ceann de na prionsabail oideolaíocha a bhfuil achoimre déanta air
thuas i gcuid 1.1). 17
Maidir le múineadh agus foghlaim sa bhunscoil tá an próiseas i bhfad níos casta ná mar is féidir leis an achoimre ghairid
seo a léiriú go héasca, tá sé níos casta fós ná sin mar go bhfuil gá ann scileanna litearthachta daltaí a fhorbairt. Ar an
gcéad dul síos, is gá iad a mhúineadh conas an focal labhartha a léiriú i bhfoirm scríofa, ach ó chéim measartha luath ag
foghlaim an dóigh le léamh agus le scríobh ciallaíonn sé freisin ag foghlaim an dóigh le cumarsáid a dhéanamh i slite
atá éagsúil go mór leis an gcumarsáid bhéil a mhúnlaigh a saol go dtí seo. Braitheann cumarsáid bhéil ar chomhthéacs:
is le tuiscint agus cruthú céille a thacaíonn leideanna paratheangeolaíocha (tuin chainte, comharthaí, féachaint sa tsúil,
aiseolas agus araile) agus gneithe a bhaineann leis an saol thart timpeall (daoine agus rudaí a fheiceann an cainteoir, an
ghrian atá deas te nó róthe, an bháisteach atá ag fliuchadh an chainteora). Roimh aon chumarsáid eile tá gá le cumarsáid
den chineál seo le haghaidh shealbhú teanga an pháiste agus le haghaidh shealbhú nádúrtha, mar a thugtar air, an dara
teanga agus teangacha iasachta; forbraíonn páistí teanga chomhráiteach de réir mar a shealbhaíonn siad a n-eolas ar
ghníomh. Ach i gcás teanga acadúil, de ghnáth, is teanga í nach mbraitheann an oiread sin ar chomhthéacs: is é an téacs
labhartha nó scríofa atáimid ag iarraidh a thuiscint nó a chruthú a sholáthraíonn na leideanna a dhíríonn ar an gciall. Níl
teanga acadúil ag aon pháiste mar theanga bhaile; forbraíonn sin le sealbhú eolas scoile agus litearthachta.
Tá sé tábhachtach ceithre rud a dhéanamh soiléir maidir leis an difríocht idir teanga chomhráiteach agus teanga acadúil.
(1) Ó taobh na cognaíochta de níl an difríocht scríofa i gcloch agus is minic a bhíonn na teorainneacha doiléir. Mar
shampla, níl mórán stró cognaíoch ag baint le comhrá idir cairde, ach le linn comhrá den chineál seo, má dhéanann tú
iarracht do dhearcadh féin a chur ina luí ar dhaoine eile, seans go n-éireoidh an comhrá níos dúshlánaí ó thaobh na
cognaíochta de. É sin ráite, i gcaint sa seomra ranga, bíonn sleachta go rialta as teanga chomhráiteach agus as teanga
acadúil; seo an t-aon slí ar féidir an t-eolas ar ghníomh agus an t-eolas scoile atá ag daltaí a tharraingt le chéile ar shlí
rathúil. (2) Cé go bhforbraíonn teanga acadúil le sealbhú litearthachta, baineann roinnt tascanna scríbhneoireachta
úsáid as teanga chomhráiteach (e.g. r-phoist, teachtaireachaí téacs), agus baineann teanga acadúil úsáid as cuid mhaith
den chumarsáid labhartha a tharlaíonn i seomraí ranga agus i gcomhthéacsanna acadúla eile. (3) Tarlaíonn teanga acadúil
sna comhthéacsanna go léir a bhaineann le foghlaim fhoirmeálta; cloiseann páistí sa naíonra í i leagan bunúsach chomh
luath agus a bhogann an bhéim ó “anseo agus anois” go “ansiúd agus ansin”. (4) Ní i dtimpeallachtaí oideachasúla
foirmeálta amháin atá teanga acadúil in úsáid; tá sé luachmhar agus bailí ina lán comhthéacsanna taobh amuigh den
seomra ranga nó den léachtlann. I bhfocal eile, is sprioc oideachasúil uileghabhálach í máistreacht ar theanga acadúil.
17
Ibid., lch. 16.
PPLI delivering
Supported by
11