PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 13
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
daltaí uile feasacht teanga an-ard neamhghnách a fhorbairt; spreag sé plé freisin faoin bhfáth agus faoin tslí ar chóir
teanga a fhoghlaim, de réir an cheathrú phrionsabal atá mar bhonn faoin gcur chuige ilteangach (cuid 1.1 thuas). Ach
is é an rud is tábhachtaí, b’fhéidir, gur éirigh daltaí ó theaghlaigh imirceach liteartha ina dteanga bhaile mar gur aistrigh
siad na scileanna a bhí siad ag forbairt i mBéarla agus i nGaeilge. San aistriú seo, thug a dtuismitheoirí, siblíní níos sine
agus baill eile an teaghlaigh, cabhair dóibh, agus i roinnt cásanna d’eagraigh a bpobail ranganna ag an deireadh
seachtaine. Ach tá a lán fianaise ann le léiriú gur ghin polasaí teanga na scoile leibhéil arda spreagtha agus gur chuir sin
ar chumas na ndaltaí a lán dul chun cinn a dhéanamh as a stuaim féin. Nuair a rinne siad sin, dheimhnigh siad Hipitéis
Idirspleáchais Cummins, agus dá réir sin, nuair a fhorbraítear scileanna i dteanga amháin, is féidir iad a aistriú go teanga
eile chomh fada agus atá méid sásúil den teanga sin le cloisteáil agus go bhfuil go leor spreagtha ann. 19 Is é an
príomhrud a rinne Scoil Bhríde gur chruthaigh sí téacsanna comhthreomhara – is é sin, téacsanna a raibh an struchtúr
céanna agus t-ábhar téamach céanna acu – i mBéarla, i nGaeilge, agus i dteangacha baile agus (i Rang a Cúig agus a Sé)
i bhFraincis. Ag an tús, sna Naíonáin Shinsearacha, bhí na téacsanna an-simplí: “..... is ainm dom, is í ....... mo mhúinteoir”.
Ach de réir mar a d’fhoghlaim daltaí an tslí le téacsanna níos casta a scríobh i mBéarla agus i nGaeilge, d’éirigh na
téacsanna a scríobh siad ina dteanga bhaile níos casta freisin. 20
Rud bunúsach i gCuraclam na Bunscoile is ea aistriú scileanna idir teangacha, féachfaimid air sin anois.
Samhail Cnoc Oighir
Idirspleáchas Teangacha a
chruthaigh Cummins
“
Nuair a fhoghlaimíonn
páistí an tslí le léamh agus scríobh i
dteanga amháin, maíonn Hipiteis
Idirspleáchais Cummins go
Gnéithe ar Dhromchla
na L2
bhforbraíonn siad scileanna inaistrithe
“
Gnéithe ar Dhromchla
na T1
gur féidir leo a aistriú go
teangacha eile.
Buninniúlacht Choiteann
19
20
P. Ó Duibhir & J. Cummins, Towards an Integrated Language Curriculum in Early Childhood and Primary Education, Dublin:
An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta, Baile Átha Cliath, 2012, lgh. 31–36.
Le haghaidh samplaí ó na ranganna go léir, feic caibidil a 4 D. Little & D. Kirwan, Engaging with Linguistic Diversity.
PPLI delivering
Supported by
13