PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 15
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Sna gníomhaíochtaí ranga atá á léiriú i gCuid II de na treoirlínte seo tá na trí phrionsabal ghinearálta i gceist:
1. 1. Nuair is é an Béarla an teanga atá in úsáid mar mhodh teagaisc, nuair is í an Ghaeilge an dara ceann sa churaclam
agus nuair is í an nuatheanga iasachta an tríú ceann, ba chóir do mhúinteoirí úsáid a bhaint as an nGaeilge agus as
an nuatheanga iasachta le haghaidh gnáthaimh idirghníomhacha a bhfuil eolas ag na daltaí orthu cheana féin sa
Bhéarla, go háirithe sna céimeanna luatha. Sna Naíonáin Shóisearacha, samplaí soiléire is ea foghlaim conas
comhaireamh agus conas cruthanna agus dathanna a mheaitseáil (rinneadh tagairt dó seo cheana féin i gcuid 1.3).
Is féidir cluichí gnímh a imirt go hilteangach*, má tá eolas ag páistí cheana féin ar scéal i mBéarla, is féidir leagan
de a léamh i nGaeilge nó sa nuatheanga iasachta. Sa tslí sin, oibríonn cumas na ndaltaí i mBéarla mar scafall agus
iad ag forbairt a gcumais sa Ghaeilge agus sa nuatheanga iasachta.
2. I gcur i láthair ábhar an churaclaim, ba chóir do mhúinteoirí mar ghnáthchuid den obair, na focail Ghaeilge, agus i
gcéim 3 agus 4, na focail sa nuatheanga iasachta a thabhairt do na daltaí le haghaidh focail agus coincheapa
tábhachtacha sa Bhéarla. De réir mar a fhásann cumas daltaí, ba chóir gurbh fhéidir an Ghaeilge a chur in áit an
Bhéarla i gcodanna de gach ceacht i leagan de FCÁT (foghlaim chomhtháite ábhar agus teangacha). Ní gá a rá, ach
ba chóir úsáid stór ilteangach na ndaltaí a spreagadh sna ceachtanna go léir; agus ba chóir do mhúinteoirí úsáid a
bhaint uaireanta freisin as an nuatheanga iasachta chomh maith leis an nGaeilge agus iad ag caint go
neamhfhoirmeálta le dataí taobh amuigh den seomra ranga.
3. Rinneadh cur síos ar théacsanna comhthreomhara i gcuid 1.3 agus ba chóir go mbeadh ról lárnach ag téacsanna
den chineál sin i bhforbairt scileanna scríbhneoireacht daltaí. Ní gá i gcónaí na téacsanna sin a chur ar fáil i mBéarla
ar dtús. Má oibríonn an múinteoir agus na daltaí le chéile i scríobh scéil i nGaeilge nó sa nuatheanga iasachta i rith
an ranga, ba chóir go mbeadh sé éasca ag na daltaí an scéal a aistriú go Béarla mar obair bhaile; ach dá mbeadh
orthu téacs den chineál céanna a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge nó go nuatheanga iasachta, seans nach mbeadh siad
ábalta sin a dhéanamh.
Cé acu ó theaghlaigh Éireannacha nó ó theaghlaigh imirceach a tháinig siad, chuala páistí Scoil Bhríde Gaeilge den
chéad uair nuair a thosaigh siad ar scoil. Dúirt múinteoirí na Naíonán Sóisearach gur baineadh úsáid as na teangacha
baile de ghnáth nuair a d’aistrigh an chaint ó Bhéarla go Gaeilge: de réir cosúlachta nuair a thosaigh an chaint i nGaeilge
thosaigh na daltaí ag caint go hilteangach*. Bhí dhá thoradh thábhachtacha leis
seo. Bhí spreagadh láidir ag daltaí Éireannacha Gaeilge a fhoghlaim mar gur
mhian leo teanga bhaile a bheith acu freisin agus go raibh an oiread céanna
foinn ar na daltaí as teaghlaigh imirceach agus a bhí ar a bpiaraí ó dhúchas
Gaeilge a fhoghlaim, rud a spreag roinnt de na daltaí Éireannacha, dá réir sin,
teanga eile a fhoghlaim le cabhair ó bhall teaghlaigh nó as a stuaim féin.
Más iad an Béarla agus an Ghaeilge an t-aon dá theanga atá in úsáid nó má
chuirtear éagsúlacht teangacha baile leo, cuireann an cur chuige ilteangach leis
an oideachas idirchultúrtha; ar ndóigh, nascann Comhairle na hEorpa
ilteangachas agus idirchultúrachas le chéile mar choincheap amháin: oideachas
ilteangach agus idirchultúrtha. Spreagann seo an cheist: conas go díreach a
thagann foghlaim idirchultúrtha as forbairt stóir focal ilteangacha?
PPLI delivering
Supported by
15