PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 2
Chuig príomhoide agus múinteoirí bunscoile: Dhearamar na treoirlínte seo chun cabhrú libh
freastal ar na dúshláin atá in Curaclam Teanga na Bunscoile, chun teangacha baile daltaí BTB
(Béarla Mar Theanga Bhreise) a chur san áireamh in bhur seomraí ranga, agus chun foghlaim
idirchultúrtha bhur gcuid daltaí a fhorbairt. Rinneamar na treoirlínte bunaithe ar an doiciméad Déanann Teangacha Nasc: Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn. Tá súil againn
go mbeidh na treoirlínte seo úsaideach daoibh i gcomhthéacs dearcthaí dearfacha agus tuiscint
ar éagsúlacht chultúrtha sa seomra ranga, agus taobh amuigh de, agus go gcothóidh siad suim
agus fiosracht i bhfoghlaim níos mó teangacha agus i gcumarsáid idirchultúrtha. Soláthraíonn
an chéad chuid de na treoirlínte réasúnaíocht leis seo a dhéanamh, agus sa dara cuid gheobhaidh
sibh moltaí praiticiúla chun an Ghaeilge agus teangacha baile a chur san áireamh sa
ghnáthchumarsáid sa seomra ranga.
Táimid buíoch den Ollamh David Little agus den Dr Deirdre Kirwan a scríobh na treoirlínte seo.
Bhí an tOllamh Little ina Stiúrthóir ar an Lárionad Léann Teanga agus Cumarsáide agus ina cheann
ar Scoil na nEolaíochtaí Teangeólaíochta, Urlabhra agus Cumarsáide i gColáiste na Tríonóide, Éire.
Le cúig bliana déag anuas, bhí príomhról aige in obair Chomhairle na hEorpa ar oideachas teanga
le haghaidh imirceach. Is fearr aithne ar an Dr Kirwan as an gcur chuige d’éagsúlacht teangacha
agus d’oideachas teanga a d’fhorbair sí féin agus a comhghleacaithe ag Scoil Bhríde (Cailíní),
Baile Bhlainséir, a rinne caipiteal oideachasúil – níos mó ná 50 teanga baile i scoile ina raibh 320
dalta – d’éagsúlacht mhór teangacha.
Buíochais
Tá na húdair buíoch den fhoireann, de na daltaí agus de na
tuismitheoirí i Scoil Bhríde (Cailíní), Baile Bhlainséir, a
chabhraigh le forbairt an chur chuige ilteangaigh d’oideachas
bunscoile a ndéantar cur síos agus léiriú air sna treoirlínte seo.
Tá na húdair buíoch freisin den tSeirbhís um Fhorbairt
Ghairmiúil do Mhúinteoirí, de Thionscadal TEAL (Coláiste
Mhuire gan Smál), den Dr Bronagh Ćatibušić, agus den bheirt
phríomhoidí bunscoile ghníomhacha a thug aiseolas
mionsonraithe dúinn ar an gcéad leagan de na treoirlínte.