PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 22
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Cabhraíonn comhoibriú i measc múinteoirí le cinntiú go bhfuil dul chun cinn cuí ann ó bhliain go bliain agus
seachnaíonn sé ag dul siar ar ábhar a bhí déanta cheana féin.
Leabharlann a bhfuil réimse leathan leabhar inti
Tá ról lárnach ag an léitheoireacht i bhforbairt teanga na bpáistí, mar sin de, ba chóir do scoileanna réimse leathan
leabhar a sholáthar dóibh, leabhair (ficsean agus neamhfhicsean) atá aois-oiriúnach i mBéarla, ach i nGaeilge agus i
dteangacha baile páistí BTB freisin. 27 Ó chéim luath ina bhforbairt litearthachta, ba chóir go mbeadh daltaí in ann
teacht ar fhoclóirí dátheangacha aois-oiriúnacha i mBéarla agus i nGaeilge/i dteangacha baile; i gcéimeanna 3 agus 4
ba chóir foclóirí dátheangacha a chur ar fáil i mBéarla agus i nuatheangacha iasachta. Sna seomraí ranga sinsearacha
ba chóir go mbeadh teasáras Béarla ar fáil, agus go mbeadh daltaí ar an eolas faoi na acmhainní digiteacha atá ar fáil
ag www.teanglann.ie.
Dearbhú
Tá sé tábhachtach go léiríonn an príomhoide agus gach ball den fhoireann (foireann nach bhfuil ag múineadh san
áireamh) go bhfuil suim acu in iarrachtaí teangeolaíocha na ndaltaí agus sa mhéid a bhaineann siad amach; spreagann
dearbhú rialta daltaí agus tugann sé cumhacht dóibh. Nuair a bhíonn baint ag tionscnaimh leis an bpobal sa scoil uile,
is dócha go mbeidh tionchar níos mó acu ná na cinn a dhéanann múinteoirí aonair gan tacaíocht.
Cáipéisí a léiríonn foghlaim agus úsáid teanga
Na teangacha go léir atá sa scoil, ba chóir go mbeadh siad le feiceáil ar na ballaí sa seomra ranga agus sna pasáistí agus
go mbeadh siad le cloisteáil i léamha, in aithriseoireacht agus i léirithe de chineálacha éagsúla (Fíor 1). Molaimid go
gcoinneoidh múinteoirí cartlann ina bhfuil obair daltaí atá an-suimiúil agus gur féidir í a úsáid le haghaidh taispeántas
agus ag cruinnithe foirne chun an plé a dhéanamh níos soiléire faoi pholasaí teanga na scoile agus faoina chur i
bhfeidhm. I gcás cartlainne a bhfuil bail mhaith uirthi, is féidir léi sonraí taighde a chur ar fáil do mhúinteoirí a thugann
faoi thaighde iarchéime. Tá bealaí éagsúla ann chun cartlann ranga a eagrú – beidh a roghanna féin ag múinteoirí –
ach tá sé spreagúil do dhaltaí a bheith páirteach i gcur le chéile agus i gcothabháil na cartlainne, go háirithe sna
ranganna sinsearacha. Ina bhfoghlaim féin baineann na foghlaimeoirí leas freisin as úsáid na gcáipéisí: mar nuair a
scríobhann daltaí ina gcóipleabhair is é seo a bpróiseas foghlama. In 2.3 molaimid, chomh luath agus a thosaíonn daltaí
ag scríobh, gur chóir dóibh cóipleabhar ilteangach a choinneáil a dhéanann taifead ar a dteagmháil le teangacha
Figure 1: Using
templates of flower
petals to create a
welcoming
recognition of all
langauges in the
school (the empty
petals are waiting
for new languages)
27
Tá deontais ar fáil ó Theangacha Iar-bhunscoile Éireann chun leabhair a cheannach sa teanga bhaile.
PPLI delivering
22
Supported by