PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 24
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Mar a mhíníomar i mír 1.4, ciallaíonn cur cuige iltheangach i leith mhúineadh na Gaeilge agus teanga nua-iasachta gur
gá trí chineál tacaíochtaí a sholáthar do dhaltaí: (i) go háirithe sna céimeanna luatha, gnáthaimh idirghníomhacha a
bhfuil eolas ag na daltaí ar a struchtúr agus ar a gciall cheana féin i mBéarla; (ii) úsáid rialta na Gaeilge agus na nuatheanga iasachta i gcur i láthair agus i bpróiseáil ábhair an churaclaim; agus (iii) an t-aistriú de scileanna litearthachta
atá ag forbairt ó Bhéarla go Gaeilge agus an nua-theanga iasachta trí sholáthar téacsanna comhthreomhara sna trí
theanga. Cuireann dinimic oideolaíoch bunaithe ar na trí chineál tacaíochtaí seo teangacha baile daltaí atá ag foghlaim
Béarla mar theanga bhreise san áireamh agus cothaíonn sé forbairt litearthacht teanga bhaile.
Spreagadh foghlaim neamhspleách
Sa seomra ranga spreagann caint dhialógach thrialach daltaí le páirt a ghlacadh i slite a n-úsáideann a n-eolas ar
ghníomh, agus san áireamh ansin atá an stór atá acu cheana féin. Agus iad ag leanúint na spreagthaí a dhéanann a
dtaithí féin agus a n-iomas féin, éiríonn siad neamhspleách sa phróiseas oideachasúil. Má tá brí agus sult ag baint lena
bhfoghlaim, is dócha go gcuirfidh siad i bhfeidhm an méid a d’fhoghlaim siad agus iad ag déanamh scrúdú ar
thimpeallacht níos leithne; agus má úsáideann siad teanga a d’fhoghlaim siad sa rang le caidreamh a dhéanamh agus
le tús a chur le súgradh mar dhaoine aonair nó lena bpiaraí, déanann siad an t-eolas nua scoile a shealbhaigh siad mar
chuid dá n-eolas ar ghníomh. Baintear an éifeacht chéanna amach nuair a fhoghlaimíonn daltaí píosaí de theangacha
baile a chéile, nuair a mhúinéann siad amhráin, dánta, rímeanna agus seanfhocail ó thír dhúchais a dtuismitheoirí dá
chéile, nó nuair a aistríonn siad amhrán atá cloiste acu chuig na teangacha go léir atá sa seomra ranga.
Más mian linn go n-éireoidh ár ndaltaí neámhspleách go comhfiosach ina bhfoghlaim, is í an chéad chéim go dtuigfidh
siad cad atá siad ag foghlaim agus cén fáth. Fiú i ranganna na Naíonán, is féidir seo a dhéanamh má chuirtear na cúig
cheist seo go rialta: Cad é atáimid a dhéanamh? Cén fáth? Cén tslí? Cad iad na torthaí? Cad é an chéad chéim eile? 29
I ranganna sinearacha, úsáideann roinnt múinteoirí teicnic WALT (“We are learning to/ Táimid ag foghlaim an tslí le”)
agus WILF (“What I’m looking for.../An rud a bhfuil mé ag iarraidh teacht air...”) chun scileanna machnamhacha daltaí
a fhorbairt. Deimhníonn daltaí an neamhspleáchas atá ag teacht chun cinn iontu mar fhoghlaimeoirí, nuair a cheapann
siad, leo féin nó le chéile, a dtionscadail féin, a ligfidh dóibh, b’fhéidir, úsáid a bhaint as a dteanga bhaile féin nó as
teanga bhaile daltaí eile. Ag gach leibhéal ar scoil, ba chóir spreagadh agus moladh a thabhairt do thionscadail den
chineál seo. Nuair a oibríonn daltaí le chéile go neamhspleách, cuirfidh seo go mór lena spreagadh chun labhairt sa
rang, ceisteanna a chur agus teacht go gníomhach ar réitigh.
Cóipleabhair ilteangacha
I mír 2.2 mholamar gur chóir do scoileanna cleachtas doiciméadú foghlaim teanga agus úsáid teanga a ghlacadh chucu
féin, agus mholamar gur chóir go mbeadh baint ag daltaí, sna ranga sinsearacha ar a laghad, le heagrú agus le forbairt
chartlann an ranga. Anois molaimid freisin, chomh luath agus atá daltaí in ann scríobh, gur chóir dóibh cóipleabhar a
choinneáil, agus go mbainfidh siad úsáid as sna ceachtanna go léir chun focail nua agus leaganacha nua cainte a
scríobh síos nuair a chloiseann siad iad i mBéarla, i nGaeilge agus i dteangacha baile daltaí BTB. Ag an tús, is é an
múinteoir a spreagfaidh seo, ach chomh luath agus is féidir, ba chóir do daltaí a spreagadh chun seilbh a ghlacadh ar
a gcóipleabhair ilteangacha, ag scríobh síos rudaí a bhfuil an-suim acu iontu agus ag glacadh nótaí de rudaí nach
dtuigeann siad agus de phuzail ar mhaith leo níos mó scrúdaithe a dhéanamh orthu lena múinteoirí agus leis na daltaí
eile. I gcéim a 1 is féidir leo úsáid a bhaint as cóipleabhair gan línte, ag scríobh focail nua i mbolgáin chainte agus ag
tarraingt líníochtaí simplí chun ceisteanna a chur. Ag deireadh gach ceachta is féidir cúpla nóiméad a chaitheamh ag
féachaint siar ar na deacrachtaí agus ar na puzail. De réir mar a bhogann na daltaí tríd an scoil, éireoidh an t-ábhar níos
casta ina gcóipleabhair ilteangacha (moltar cóipeabhair chrua do chéim 3 agus 4), rud a léireoidh cé chomh casta agus
atá a dtaithí ilteangach ag éirí. Má úsáidtear cóipleabhair ilteangacha sa tslí seo, tacaíonn siad leis an bhfoghlaim
29
Cf. L. Dam, Learner Autonomy 3: From theory to classroom practice, Dublin: Authentik, 1995, lch. 1.
PPLI delivering
24
Supported by