PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 25
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
chomhtháite teanga a mholann Curaclamh Teanga na Bunscoile, spreagann siad machnamh, agus cothaíonn siad
foghlaim neamhspleách.
Forbairt ar neasacht teanga agus ar noghlaim teanga
Nuair a chinntíonn múinteoirí go bhfuil Gaeilge, teangacha baile daltaí BTB, agus nuatheanga iasachta (i gcéimeanna
3 agus 4) san áireamh i gcaint dhialógach thrialach an tseomra ranga, is cinnte go leanfaidh feasacht thanga agus
foghlaim teanga. De réir mar a thuigeann daltaí cad atá i gceist le teanga agus an tslí a n-oibríonn sí, éiríonn eolas
intuigthe na ndaltaí soiléir de réir a chéile: tá siad in ann é a chur i bhfocail agus é a roinnt le daoine eile. Léiríonn taithí
go dtosaíonn siad roimh i bhfad go spontáineach ag déanamh comparáid agus codarsnacht idir na teangacha a bhfuil
eolas acu orthu agus na teangacha atá siad a fhoghlaim, go mbaineann siad a dtuiscint féin as fuaimeanna na bhfocal,
an tslí a scríobhtar iad agus an tslí a n-úsáidtear iad. An t-eolas a shealbhaíonn siad sa tslí seo soláthraíonn sé tacaíocht
thábhachtach le haghaidh tuilleadh foghlaim teanga agus forbairt litearthachta. Mar a luamar cheana féin, is é an
príomhról a imríonn teangacha baile sa phróiseas seo go spreagann siad páirteachas neamhspleách daltaí BTB i
gcumarsáid an tseomra ranga.
Is maith an smaoineamh na rudaí atá á bhfoghlaim go fánach ag na daltaí a thabhairt le chéile go rialta ag caitheamh
roinnt nóiméad ag díriú go follasach ar theanga agus ar fhoghlaim teanga. Mar shampla, is féidir le daltaí comparáid a
dhéanamh idir an áit a bhfuil briathra, aidiachtaí i mBéarla, i nGaeilge, agus i dteangacha eile sa rang; is féidir leo scrúdú
a dhéanamh ar an ngaol idir ortagrafaíocht agus foghraíocht agus ar an tionchar atá ag diaicriticí ar fhoghraíocht agus
ar chiall; agus is féidir leo machnamh a dhéanamh cé acu atá dlúthghaol lena chéile ag dhá theanga nó níos mó sa
rang. Mar an gcéanna, is féidir leo plé a dhéanamh ar cé na teangacha ina stór ilteangach is fusa dóibh a thuiscint, a
labhairt, a léamh agus a scríobh; na rudaí a chabhraíonn leo teanga a fhoghlaim – le tuiscint a fháil ar na rudaí atá
daoine a rá leo, le labhairt, le léamh agus le scríobh. Is féidir leis na gníomhaíochtaí go léir seo teacht as cóipleabhair
ilteangacha na ndaltaí agus dul isteach iontu chomh maith.
Forbairt litearthacht ilteangach
Chun stóir ilteangacha iomlána comhtháite a fhorbairt caithfidh foghlaimeoirí scileanna litearthachta a fhorbairt i
ngach ceann dá dteangacha. Glactar leis go forleathan go gciallaíonn seo gur gá iad a mhúineadh le léamh agus le
scríobh i ngach teanga léi féin, rud nach féidir a dhéanamh nuair atá a lán teangacha baile sa rang. Ach mar a mhíníomar
i mír 1.3, is féidir scileanna i dteanga amháin a aistriú go teanga eile chomh fada agus atá go leor den teanga sin le
cloisteáil agus go leor spreagtha i gcás an fhoglaimeora. Le cabhair óna dtuismitheoirí agus óna ndearthaireacha agus
óna ndeifiúracha níos sine, is féidir le daltaí BTB a scileanna litearthachta atá ag teacht chun cinn i mBéarla agus i
nGaeilge a aistriú chuig a dteangacha baile. Foghlaimíonn siad an tslí leis seo a dhéanamh nuair a chruthaíonn siad
téacsanna comhthreomhara i mBéarla, i nGaeilge, i dteanga bhaile agus in am trátha sa nuatheanga iasachta –
comhthreomhar sa chiall go bhfuil na téacsanna díreach mar an gcéanna i struchtúr agus in ábhar. Seo an
ghníomhaíocht bhunúsach sa chur chuige ilteangach atáimid ag cur chun tosaigh sna treoirlínte seo.
2.4. Foghlaim ilteangach i gcéimeanna 1-4 an churaclaim bhunscoile
Na gníomhaíochtaí a gcuirimid síos orthu sa mhír seo ní hé go bhfuil siad ardaidhmeannach: bhí siad go léir in úsáid
go rathúil i Scoil Bhríde (Cailíní), Baile Bhlainséir, agus bhí Deirdre Kirwan ina phríomhoide ansin ar feadh beagnach
tríocha bliain. Is as an scoil sin a thagann a lán de na samplaí d’obair ilteangach na ndaltaí.
PPLI delivering
Supported by
25