PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 26
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2.4.1 Céim 1
Ag baint úsáid as gnáthaimh le tacú le foghlaim teanga
Nuair a bhíonn páistí ag imirt le chéile sna Naíonáin Bheaga, deir múinteoirí go bhfuil siad sách sásta idirghníomhú go
teangeolaíoch cé go bhfuil seans ann go mbeidh siad ag labhairt a lán teangacha. Cé go mb’fhéidir go ndéarfaidh siad
go labhraíonn a bpiara(í) ar shlite éagsúla cabhraíonn comhthéacs agus comharthaíocht choirp leo tuiscint a fháil. Seo
an chéad uair a admhaíonn siad go bhfuil bealaí éagsúla ann le cumarsáid bhéil a dhéanamh. Nuair a thosaíonn páistí
ag baint úsáid as a dtuiscint ar theanga agus nuair a thosaíonn siad ag déanamh scrúdú ar na teangacha ina seomra
ranga, tagann siad ar chosúlachtaí agus difríochtaí idir a dteanga bhaile féin agus teangacha a bpiaraí. Nuair a aithníonn
páistí sna Naíonáin Bheaga go mbeannaíonn daoine dá chéile nuair a chastar ar a chéile iad, is ceann de na bealaí is
simplí dóibh a fhoghlaim cé go n-úsáidimid focail éagsúla gur beannú é beannú, is cuma faoin dóigh a gcuirtear in iúl
é. Nuair a bheannaímid do dhuine éigin aithnímid an duine sin. An rud a deirimid seans go mbeidh fuaim éagsúil leis;
nuair a fheicfimid é i bhfoirm scríofa seans go mbeadh cuma éagsúil air. Is cuma cé acu a chloisimid nó a fheicimid
beannú, tá an chiall chéanna leis cibé teanga atá in úsáid. Tá seo i gceist le téamaí eile an churaclaim, e.g., uimhreacha
agus cruthanna. Agus sinn ag éisteacht agus ag féachaint go cúramach tosaímid ag teacht ar na naisc i bhfoghraíocht
agus in ortagrafaíocht a chuireann lenár gcoincheap d’fheasacht teanga agus a fhorbraíonn í.
Beannachtaí
Ceann de na bealaí is luaithe agus is nádúrtha chun Gaeilge a thabhairt isteach i scoileanna Béarla is ea an beannacht
Dia duit/Dia is Muire duit a mhúineadh do na daltaí mar shlí chun beannú dá chéile. Is féidir seo a leathnú amach chuig
na teangacha go léir sa seomra ranga ag fiafraí an bhfuil a fhios ag aon duine bealaí eile le Heileo a rá. Is féidir an cheist
a chur i gcomhthéacs do pháistí óga ag iarraidh orthu smaoineamh ar an rud a deir a dtuismitheoirí nuair a thagann
siad chun na scoile chun iad a bhailiú. Go luath foghlaimíonn páistí go ndeárfaidh páiste amháin Dobri den, go
ndéarfaidh páiste eile Salut, agus go ndéarfaidh an tríú páiste Ciao, agus mar sin de. Spreagtar páistí le hinsint dá
dtuismitheoirí faoi na bealaí éagsúla ina mbeannaíonn páistí sa rang dá chéile. Sa tslí seo aithnítear teangacha na
ndaltaí go léir agus feiceann páistí fíric nua thábhachtach: tá a lán bealaí éagsúla ann chun gníomhartha
cumarsáideacha simplí a dhéanamh. Ag an tús, seans go mothóidh roinnt daltaí BTB cúthail nuair a spreagtar iad chun
a dteanga bhaile a lábhairt nó chun eolas a chur ar fáil inti. Ní gá é a rá, ar ndóigh, ach ba chóir déileáil lena ndrogall
go tuisceanach.
Comhaireamh agus suimiú
Sna Naíonáin Bheaga glactar leis go mbeidh
daltaí in ann comhaireamh a dhéanamh in ord
ó 1 go 10 i dteanga na scolaíochta. Glactar leis
freisin go mbeidh siad in ann na huimhreacha
éagsúla a aithint agus iad a chur san ord ceart.
Beidh an t-eolas seo ag roinnt de na daltaí
cheana féin ar conas seo a dhéanamh, agus ní
bheidh ag roinnt eile díobh. I scoileanna Béarla,
múinfear comhaireamh i mBéarla ar dtús. Nuair
is féidir le daltaí comhaireamh ó 1 go 5 go
muiníneach i mBéarla, is féidir an tslí leis sin a
dhéanamh i nGaeilge a mhúineadh dóibh, agus
i gcás daltaí BTB, is féidir leo insint don rang an
PPLI delivering
26
Supported by