PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 3
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Achoimre Fheidhmeach
Ceapadh an chéad leagan den doiciméad seo mar fhreagra ar sprioc 2.E.2 de phlean cur i bhfeidhm Déanann Teangacha
Nasc:“Forbrófar treoirlínte le haghaidh múineadh páistí nach labhraíonn Béarla ná Gaeilge sa bhaile”. Dúradh sa phlean
gur fearr an freastal a dhéanfaí ar riachtanais na bpáistí seo dá n-úsáidfí an cur chuige comhtháite i leith mhúineadh
an Bhéarla agus na Gaeilge a mholann Curaclam Teanga na Bunscoile agus dá gcuirfí an ghné idirchultúrtha
d’oideachas teanga chun tosaigh (sprioc 2.E.3). Sa leagan leasaithe seo den doiciméad cuirtear san áireamh gur
cuireadh nuatheanga iasachta (MFL) le céim 3 agus 4 de churaclam na bunscoile.
Cuid I – baineann an chuid seo den doiciméad le ceisteanna a bhaineann le prionsabail ghinearálta:
•
An “cur chuige ilteangach” (Féach thíos) i leith oideachas teanga agus na himpleachtaí oideolaíocha a
bhaineann leis
•
Forbairt teanga sna blianta réamhscoile
•
Na héilimh theangeolaíocha a bhaineann le bunscolaíocht
•
Cur chuige comhtháite i leith mhúineadh na Gaeilge agus an Bhéarla a chuireann san áireamh teangacha
imirceach i gcumarsáid sa seomra ranga
•
An ghné idirchultúrtha den oideachas bunscoile
Cuid II – baineann an chuid seo le tacaíocht phraiticiúil chun cur chuige comhtháite iomlán i leith oideachas teanga
a chur i bhfeidhm sa seomra ranga bunscoile, ag diriú ar:
•
An cur chuige ginearálta oideolaíoch
•
Na tacaíochtaí ba chóir don scoil a chur ar fáil
•
Príomhghnéithe an chur chuige
› Caint dhialógach thrialach sa seomra ranga
› Spreagadh foghlaim neamhspleách
› Úsáid cóipleabhair ilteangacha
› Forbairt feasacht teanga agus foghlaim teanga
› Forbairt litearthacht ilteangach daltaí
•
Míniú ar an tslí ar féidir an cur chuige a chur i bhfeidhm i gceithre chéim churaclam na bunscoile
Plurilingual agus Multilingual – tá an dá fhocal seo in úsáid sa leagan Béarla. Is ionann multilingual agus ilteangach i bhfoclóir
Uí Mhianáin ach níl an focal plurilingual ann. In tearma.ie tá an dá théarma ann – is ionann multilingual agus breisteangach
nó ilteangach (sa chiall polyglot) agus is ionann plurilingual agus ilteangach. Tá níos lú samplaí de multilingual ná plurilingual
sa téacs seo, mar sin, beidh réiltín* in aice le hilteangach sa téacs nuair a chiallaíonn sé multilingual.
PPLI delivering
Supported by
3