PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 30
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Tar éis scrúdú a dhéanamh ar ábhar sa ranga, e.g. na torthaí is fearr leo, spreagtar páistí chun pictiúir a tharraingt agus,
nuair a bhíonn siad réidh, chun rud éigin a scríobh faoin rud a bhí siad a phlé. De réir mar a chuireann siad eolas ar na
focail chuí i nGaeilge, is féidir leo iad a scríobh freisin. I gcás daltaí BTB ba chóir iad a spreagadh le hiarraidh ar a
dtuismitheoirí nó ar a siblíní níos sine na focail chéanna a scríobh ina dteanga bhaile. Sa tslí seo, is féidir leis na daltaí
seo a scileanna litearthachta ag teacht chun cinn i mBéarla agus i nGaeilge a aistriú go dtína dteangacha baile (Fíor 56). Rud bunúsach sa chur chuige seo is ea go spreagtar na páistí na téacsanna atá scríofa acu in dhá theanga nó níos
mó le léamh os ard don mhúinteoir, dá bpiaraí agus do chuairteoirí chuig an seomra ranga. Tá sé an-tábhachtach freisin
go bhfuil na teangacha atá in úsáid ag na daltaí le feiceáil ar na ballaí sa seomra ranga agus sna pasáistí (Fíor 7).
Fíor 5: Is ionann struchtúr agus ábhair (Naíonáin Mhóra) na
dtéacsanna i mBéarla agus i dTagálaigis
Fíor 6: Is ionann struchtúr agus ábhair (Naíonáin Mhóra) na
dtéacsanna i mBéarla agus i bPolainnis
Fíor 7: Taispeántas ranga
d'obair na bpáistí
PPLI delivering
30
Supported by