PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 31
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2.4.2 Céim 2
Úsáid cur chuige comhtháite ilteangach le tacú le foghlaim
Nuair a spreagann an múinteoir dalta BTB chun focail nó frásaí ina t(h)eanga bhaile a chur ar fáil, cinntíonn an múinteoir
go bhfuil an teanga ar siúl i gcónaí in intinn an dalta agus go bhfuil an teanga ar fáil le tacú le foghlaim. I gcás daltaí
BTB tá a fhios acu nach bhfuil eolas ag a múinteoir ná ag a bpáirtithe ranga ar a dteanga bhaile, rud a chiallaíonn gur
féidir leo eolas a chur ar fáil nach mbeadh ar fáil don rang seachas sin. Cumasú is ea é seo agus cothaíonn sé
féinmhuinín; ciallaíonn sé freisin go bhfoghlaimíonn siad píosaí ar a laghad dá lán teangacha éagsúla.
Seans go n-inseoidh an múinteoir don rang gur “mandarin” an t-ainm atá ar oráiste beag agus go bhfiafróidh sí de
dhaltaí BTB cén t-ainm atá air ina dteanga féin. Glac i gcónaí le cibé rud a deir siad – e.g. mandarynka i bPolainnis – cé
go bhfuil seans ann nach bhfuil bealach ar bith agat le fios a bheith agat cé acu atá sé ceart nó mícheart: ach de réir
taithí i bhformhór na gcásanna beidh siad ceart. Mar shampla, is ionann cold an Bhéarla agus fuar na Gaeilge, sa
Rómáinis deir siadsan frieg, atá cosúil le fridge an Bhéarla, atá fuar.
Má tá an Ghaeilge in úsáid chun an seomra ranga a bhainistiú agus chun cumarsáid ábhar curaclam a neartú cinntíonn
sin nach mbíonn na daltaí ag díriú ar an nGaeilge mar cheacht gach maidin, ach go bhfuil siad ag úsáid na Gaeilge
mar chuid dá ngnáthshaol. Neartaítear an éifeacht seo má chaitear roinnt nóiméad gach lá ag iarraidh ar dhaltaí a
nuacht a roinnt i nGaeilge – rud éigin a chuala siad nó a chonaic siad ar an mbealach ar scoil, b’fhéidir (chonaic
mé.../chuala mé ... bhí timpiste ar an mbóthar/ is é mo bhreithlá é/ etc) nó imeacht éigin eile a chuaigh i bhfeidhm
orthu (e.g. bhí accident ar an mbóthar): má tá baint phearsanta ag teanga ina saol, is furasta í a choinneáil. Lig do na
daltaí focail Bhéarla a úsáid chun na bearnaí ina gcuid eolais a líonadh isteach, ach scríobh na focail Ghaeilge atá ar
iarraidh ar an gclár bán. Ceartaigh gramadach agus foghraíocht, ach ná habair aon rud fúthu. Ba chóir do dhaltaí focal
nua agus frásaí nua a scríobh ina gcóipleabhair ilteangacha; sna ranganna sóisearacha is féidir leo pictiúir mheaitseála
a tharraingt mar shlí chun cuimhneamh orthu. Faoin am atá daltaí i Rang a hAon ba chóir go mbeadh sé indéanta
ceachtanna agus ábhair leo féin a dhéanamh i nGaeilge, ag baint úsáid as an gclár bán chun úsáid chruinn teanga a
léiriú (Fíor 8). An Ghaeilge a scríobhann na daltaí ina gcóipleabhair, is féidir sin a aistriú go Béarla agus/nó go teangacha
baile mar obair bhaile.
Fíor 8: Téacs i nGaeilge i ndiaidh plé agus
múnlaithe ar an gclár bán (Rang a hAon)
PPLI delivering
Supported by
31