PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 32
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Forbairt litearthacht ilteangach trí thógáil ar eolas agus ar thaithí na ndaltaí
Ag Céim 2, taitníonn sé le daltaí BTB scríobh fúthu féin agus faoi ábhair a bhfuil suim acu iontu i mBéarla agus ina
dteanga bhaile (Fíoracha 9-11).
Fíor 9: Téacs aitheantais i mBéarla agus i
Spáinnis (Rang a hAon, le cabhair ó
thuismitheoirí)
Fíor 10: Téacs i mBéarla agus i mBoisnis
(Rang a 2, scríofa gan chabhair sa rang)
Fíor 11: Téacs faoi bhia i mBéarla agus i Laitvis
Is maith le daltaí leabhair bheaga dhá theanga a scríobh agus a mhaisiú fúthu féin agus faoina dteaghlach, faoin scoil
agus faoin ngairdín, faoin ainmhí/gcaitheamh aimsire/aimsir is fearr leo, agus mar sin de. Fill dhá leathanach A4 faoi
dhó, gearr iad agus cuir stápla iontu le leabhar ocht leathanach a dhéanamh. Is féidir a leithéid de leabhar a léamh os
ard don chuid eile den rang agus is féidir iad a chur ar taispeáint ag imeachtaí ar scoil, nuair is féidir taifeadadh fístéipe
de dhaltaí ag léamh a gcuid oibre a thaispeáint freisin (Fíor 12). Nuair a éiríonn daltaí muiníneach i scríobh téacsanna
aitheantais, spreagann sé iad le glacadh leis an dúshlán chun leabhar a scríobh fúthu féin (Fíor 13).
Fíor 12: Cur síos ar ‘Ár nGairdín Scoile’ scríofa i bPolainnis agus i mBéarla (Rang a Dó)
Fíor 13: Sliocht ó ‘Mo Shaol’ scríofa i
Spáinnis agus i nBéarla (Rang a dó)
PPLI delivering
32
Supported by