PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 35
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2.4.3 Céim 3
Úsáid cur chuige ilteangach le tacú le foghlaim
Lean leis seo mar ghné rialta d’idirghníomhaíochtaí ranga, aistrigh na focail thábhachtacha agus na frásaí tábhachtacha
go Gaeilge agus go Béarla. Scríobh na haistriúcháin ar an gclár bán agus iarr ar na daltaí iad a scríobh ina gcóipleabhair
ilteangacha. Mura bhfuil a fhios ag daltaí BTB an tslí leis na focail agus leis na frásaí ina dteanga bhaile a litriú, iarr orthu
fiafraí dá dtuismitheoirí iad a scríobh síos ionas gur féidir leo iad a roinnt leis an gcuid eile den rang an lá dár gcionn.
Bhí rath ar na gníomhaíochtaí thíos i ranganna éagsúla:
•
Faigh na tíortha ar an léarscáil áit a labhraítear nuatheanga iasachta na scoile, ansin déan liosta de na focail agus
de na frásaí sa nuatheanga iasachta a bhfuil eolas ag na daltaí orthu cheana féin. Conas agus cá háit ar fhoghlaim
siad iad? Cén chiall atá leo? An bhfuil cosúlachtaí/difríochtaí idir na focail seo agus focail i mBéarla, i nGaeilge,
agus sna teangacha baile atá sa seomra ranga?
•
Nuair a bhíonn roinnt teangacha baile i seomra ranga, iarr ar dhaltaí frásaí a roinnt atá le feiceáil in áiteanna
poiblí, e.g., brúigh agus tarraing go oscail doirse, seachain an chéim, fan ar chlé/ar dheis. Déan comhartha le
haghaidh dhóirse an tseomra ranga, céimeanna sa scoil, agus araile. Déan comparáid idir na leaganacha éagsúla
teanga le teacht ar chosúlachta agus ar dhifríochtaí. Iarr ar dhaltaí a thaistealaíonn thar lear ar laethanta saoire
nóta a ghlacadh d’fhógraí simplí agus iad a roinnt leis an rang.
•
Éadaí agus aimsir: meallann an múinteoir ón rang liosta éadaí a chaitear i dtíortha éagsúla agus i séasúir éagsúla,
i mBéarla, i nGaeilge agus sna teangacha go léir atá in úsáid sa seomra ranga.
•
Ar ábhar ar bith, is féidir leis an
múinteoir ceist a chur i nGaeilge
agus is féidir leis na daltaí í a
fhreagairt i mBéarla agus/ nó ina
dteanga bhaile. Má thugann daltaí
freagraí i dteangacha baile
aistrítear go Béarla iad ar mhaithe
lena bpáirtithe ranga.
•
Nuair a dhéantar plé ar
Coinbhinsiún na Náisiún
Aontaithe ar Chearta an Pháiste,
cuireann sin na daltaí ag
machnamh ar conas a
d’fhéadfadh siad fáilte a chur
roimh pháistí nua chuig an ranga
Fíor 16: Spriocanna mílaoise i mBéarla, Sínis, Iarúibis, Tagálaigis, Fraincis, agus Iodáilis.
chun iad a chur ar a suaimhneas.
Spreagann seo iad chun póstaer lán de theangacha a dhéanamh a fhógraíonn polasaí teanga na scoile agus a
thaispeánann do dhaoine nua go bhfuil fáilte roimh na teangacha go léir ina seomra ranga (Fíor 16)
I gceacht ar bhia, pléann daltaí na comhábhair atá riachtanach chun béile áirithe a dhéanamh, e.g., pasta, ansin déanann
siad pasta agus blaiseann siad é. Ansin déanann na daltaí tábla ilteangach ag liostáil na gcomhábhar agus ag déanamh
achoimre ar na céimeanna i gcocáireacht an bhéile i mBéarla, i nGaeilge agus sna teangacha go léir atá sa seomra
ranga (Fíor 17).
PPLI delivering
Supported by
35