PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 37
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Fíor 19: Leabhar scéalta dhá theanga scríofa in Albáinis (le cabhair sa bhaile) agus i mBéarla
Fíor 20: Scéal i mBéarla agus i Rúisis faoi fhear
sneachta (Rang a Trí)
Ceann de na gnéithe d’fhoghlaim páistí
ag Céim 3 is ea gur maith leo líostaí a
dhéanamh. Is maith leo eolas a bhailiú
freisin faoi dhaoine agus faoi ábhair a
bhfuil suim acu iontu. Le linn na céime
seo, ba chóir daltaí a spreagadh chun
eolas a bhailiú faoin ábhar nó faoin duine
ar mian leo scríobh faoi, agus a liosta
focal féin a chur le chéile i mBéarla, i
nGaeilge agus ina dteanga bhaile. Má
éiríonn seo ina ghnáthchuid den tslí a noibríonn siad, baileoidh siad de réir a
chéile foclóir pearsanta ilteangach a
léiríonn a bhforbairt teanga chomh
maith lena n-ábhair spéise.
I dtimpeallacht ilteangach is minic a
dhéanfaidh daltaí a dtaighde féin ar an
teideal leabhair nó amhráin is fearr leo, an
focal le haghaidh an bia nó spóirt is fearr
leo, agus araile, ina lán teangacha (Fíor
21). Is iad na páirtithe ranga a labhraíonn
teangacha eile, seachas teanga na
scolaíochta, a éascaíonn a gcuid taighde.
PPLI delivering
Supported by
37