PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 38
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Fíor 21: Taighde a rinne beirt daltaí in Rang a Trí ar “The
Blue Danube” i dteangacha a bpáirtithe ranga
Baineann daltaí sult as bailiú seo na bhfíricí agus as roinnt dhíograiseach an eolais go léir atá curtha le chéile acu faoin
duine spóirt, faoin aisteoir, faoi na hainmhithe, agus araile, is fearr leo. Is féidir le múinteoirí féidearthachtaí
teangeolaíocha a spreagadh anseo ag cur ceisteanna, e.g., Níl a fhios agam cén teanga/ cé na teangacha eile a
labhraíonn sé/sí/siad? An bhfuil eolas agat ar bhealach eile leis seo a rá? Conas a deir tú sin i do theanga féin? An bhfuil
focal eile le haghaidh capall ag aon duine? Iarr ar na daltaí a bhfocail a scríobh ar an gclár bán agus déan scrúdú ar na
naisc a d’fhéadfadh a bheith ann idir na teangacha sa seomra ranga (Tábla 1).
Tábla 1: Féach ar na focail seo. An bhfuil nasc eatarthu maidir le fuaim/cruth? Cé acu cinn?
Fraincis
Gaeilge
Spáinnis
Béarla
Íoslainnis
Ioruais
Úcráinis
Polainnis
cheval
capall
caballo
horse
hest
hester
kin
koń
Go han-mhinic bíonn leid faoi chiall an fhocail san fhocal féin, e.g., cé mhéad cos atá faoi ochtapas (ocht)? An gcuireann
an focal Béarla decimal (deich) aon fhocal i gcuimhne duit a bhfuil eolas agat air? Scríobhann an múinteoir na freagraí
ar an gclár bán agus fiafraíonn sé an bhfuil aon fhocal eile ag aon duine le haghaidh ocht agus deich. Má tá éagsúlacht
theangeolaíoch sa seomra ranga, freagróidh na daltaí an cheist seo lena lán focal is féidir leo a scríobh ar an gclár bán.
Mura bhfuil eolas acu ar conas na focail a litriú, is féidir leo ceist a chur sa bhaile agus an litriú ceart a roinnt an lá dár
gcionn.
Úsáid uimhreacha chun tús a chur le feasacht teanga
Cuir uimhreacha i nGaeilge i gcomparáid le huimreacha den chineál céanna i dteangacha eile sa seomra ranga (Tábla
2). Aithin na cosúlachta agus na difríochtaí i bhfoghraíocht agus in ortagrafaíocht (is ceacht maith é seo chun na naisc
a léiriú idir an Ghaeilge agus teangacha eile). Tá sé go maith freisin le haird a dhíriú ar éisteacht le teacht ar naisc (nó
gan teacht orthu). Scríobh síos naisc agus léargais ag baint úsáid as an gcóipleabhar ilteangach. Nasc chuig ábhair
churaclaim, e.g., Mata:
PPLI delivering
38
Supported by