PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 40
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Forbairt litearthacht ilteangach – ag ullmhú le scríobh in dhá theanga nó i dtrí theanga
Luath nó mall, na daltaí BTB atá á múineadh de réir an chur chuige ilteangaigh tosóidh siad ag déanamh téacsanna
comhthreomhara i mBéarla, i nGaeilge agus ina dteanga bhaile. Ag an gcéim seo is maith an smaoineamh é le hiad a
spreagadh gan tosú i gcónaí leis an teanga chéanna ionas go bhfoghlaimeoidh siad le bogadh go héasca idir na
teangacha ina stór. I Rang a 3 agus a 4, ní rud as an ngnáth é go gcruthaíonn daltaí téacsanna comhthreomhara ina
mbíonn roinnt leathanach (Fíor 22).
Fíor 22: Scríbhneoireacht i dtrí theanga – Gaeilge, Béarla, Tagálaigis
Chun nach mbainfidh daltaí BTB barr díobh, seans go gcruthóidh daltaí Éireannnacha téacs i mBéarla, i nGaeilge, agus
i dteanga nach múintear sa scoil – seans go mbeidh deirfiúr níos sine ag foghlaim Spáinnise ar an iar-bhunscoil nó
seans gur cainteoir dúchais Iodáilise é comharsa. Tá sé tábhachtach le haithint gur féidir le daltaí téacs dea-chumtha
a chruthú i dteanga nach bhfuil mórán eolais acu uirthi seachas an téacs atá scríofa acu má tá an chabhair chuí acu.
Fiú mura bhfuil aon teagmháil eile acu leis an teanga, is fiú a leithéid de tasc a dhéanamh mar thaithí foghlama, le cur
in aice le foghlaim píosaí teangacha baile daltaí BTB sa chlós scoile. Seans go ndéanfaidh roinnt daltaí iarracht
nuatheanga iasachta na scoile a chur isteach ag an gcéim seo. Ba chóir na hiarrachtaí go léir den chineál seo a aithint
agus a dheimhniú mar beidh gach daltaí ag feidhmiú ar a leibhéal féin. Na daltaí a bhaineann níos mó amach ná mar
a iarrann an curaclam ag leibhéal áirithe níor chóir beaguchtach a chur orthu.
PPLI delivering
40
Supported by