PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 41
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Scríbhneoireacht neidhmiúil
Nuair a chuireann scríbhneoireacht síos ar nósanna imeachta, an tslí le ceapaire a dhéanamh nó an tslí le cáca a bhácáil,
mar shampla, tá níos mó deiseanna ann le haghaidh obair 3 theanga. Mar shampla, is féidir le ceacht Gaeilge díriú ar
na céimeanna éagsúla i ndéanamh ceapaire, a chuireann an múinteoir ar an gclár bán agus a scríobhann na daltaí ina
gcóipleabhair. Ansin aistríonn na daltaí an téacs Gaeilge go Béarla mar obair bhaile. I rang ilteangach, spreagtar daltaí
BTB chun an téacs Gaeilge a aistriú chuig a dteanga bhaile. An chéad lá eile, léann na daltaí a gcuid oibre os ard os
comhair a bpáirtithe ranga. Cosúil leis na gníomhaíochtaí ilteangacha eile go léir, tugann scríbhneoireacht fheidmiúil
deiseanna chun feasacht teanga na ndaltaí a fhorbairt. Mar shampla, cibé rud atá istigh sa cheapaire, is cinnte go
mbeidh an focal “arán” in úsáid uair amháin ar a laghad, sa chuid chéanna den nós imeachta. Má iarrann tú ar na daltaí
an focal le haghaidh “arán” a aithint nuair a bhíonn na céimeanna á léamh os ard i dteanga bhaile dalta BTB, is bealach
maith é chun a gcuid scileanna éisteachta a chothú agus chun iad a spreagadh teacht ar naisc idir focail agus frásaí i
dteangacha éagsúla. Is féidir obair daltaí a thaispeáint ar an mballa agus iarrtar ar pháistí an focal le haghaidh “arán” a
aithint sna teangacha éagsúla (Fíoracha 23 agus 24).
Fíor 23: Ceacht i nGaeilge ar an
tslí le ceapaire a dhéanamh;
aistrithe go teanga bhaile
(Íogbóis) le haghaidh obair
bhaile
Fíor 24: Ceacht i nGaeilge ar an tslí
le ceapaire a dhéanamh; aistrithe
go teanga bhaile (Hilgeanóinis) le
haghaidh obair bhaile
PPLI delivering
Supported by
41