PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 42
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
Scríbhneoireacht chruthaitheach
Cheana féin i Rang 3 agus 4, is minic a scríobhann daltaí chun go mbainfidh siad féin sult as. Seans:
•
go socróidh siad focail carúl nó dán Nollag a aistriú chuig a dteanga bhaile nó dán nua Nollag a scríobh i mBéarla
agus i nGaeilge (Fíor 25);
Fíor 25: Aistriúchán ar dhán Nollag ó Bhéarla go Tagálais (Rang a 4)
Fíor 26: Scéalta ina labhraíonn carachtair teangacha éagsúla (Béarla agus
Rómáinis) – an chéad leathanach de 6 chinn (Rang a 4)
•
go scríobhfaidh siad scéalta ina labhraíonn carachtair teangacha éagsúla (Fíor 26);
•
go gcruthóidh siad foclóir pictiúr ina bhfuil focail agus frásaí a bhfuil baint acu leis an Nollaig i nGaeilge, i
mBéarla agus ina dteanga bhaile;
•
go scríobhfaidh siad i mBéarla agus i Spáinnis tar éis saoire a chaitheamh sa Spáinn;
•
go scríobhfaidh siad scéal faoin tslí a mothódh dalta nach labhraíonn ach an Ghaeilge dá mbeadh sé i dtír áit
nach mbeadh eolas ag aon duine eile ar an teanga (Fíor 27).
•
go scríobhfaidh siad dialóg i nGaeilge faoi cheannach rud éigin i siopa;
•
go scríobhfaidh siad litir i nGaeilge agus i mBéarla chuig uncail san Astráil ag gabháil buíochas leis as an airgead
a sheol sé ag an Nollaig agus ag rá conas a caitheadh é;
PPLI delivering
42
Supported by