PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 5
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
“
Réamhrá
Cuirfear sochaí chun
cinn i gcóras oideachais na hÉireann
ina nglactar go nádúrtha leis an gcumas
Tá fís ag Déanann Teangacha Nasc, agus is é sin “go gcuirfear sochaí chun
teanga iasachta amháin ar a laghad a
cinn i gcóras oideachais na hÉireann ina nglactar go nádúrtha leis an
gcumas teanga iasachta amháin ar a laghad a fhoghlaim agus a úsáid de
fhoghlaim agus a úsáid de bharr an
bharr an luacha nádúrtha atá inti don duine aonair, don tsochaí agus don
luacha nádúrtha atá inti don duine
na hEorpa ar Phróifíl Bheartas Oideachais Teanga a foilsíodh in 2008, rud a chuir an
“
eacnamaíocht.” D’oibrigh An Roinn Oideachais agus Scileanna agus Comhairle
1
aonair, don tsochaí agus don
eacnamaíocht.
fhís chéanna chun tosaigh: go n-aistreodh Éire “ón dátheangachas atá oifigiúil ach
bacach (Béarla/Gaeilge) go sochaí ilteangach*
ar fad, ina nglacfar leis gur rud normálta é cumas ó thaobh dhá theanga agus níos mó a fhoghlaim agus a úsáid agus
ina gcothófar an cumas sin ag gach céim den chóras oideachais agus le linn oideachais ar feadh an tsaoil”. 2 Sa
tsochaí i gcoitinne, agus inár scoileanna freisin, “Tugann na pobail seo d’inimircigh foinse shaibhir ilchineálach de
theangacha nua d’Éirinn”, 3 agus braitheann rath straitéis Déanann Teangacha Nasc mar chuid di go mbeidh rath ar
theangacha imirceach, ar mhaithe leis na daoine a labhraíonn iad agus chun cur lenár sochaí agus lenár gcultúr.
Tá baint riachtanach ag earnáil na bunscolaíochta leis an straitéis náisiúnta, ar thrí chúis. An chéad cheann, má tá rath
ar fhoghlaim na Gaeilge ó thús na bunscolaíochta tá na daltaí réidh chun teangacha breise a fhoghlaim ina dhiaidh
sin. An dara ceann, nuair a thagann nuatheanga iasachta isteach ag céimeanna 3 agus 4 den churaclam bunscoile
cuireann sí gné nua éagsúlachta leis agus ullmhaíonn sí daltaí do na deiseanna foghlama chun teangacha eile a
fhoghlaim atá ar fáil ag leibhéal na hiar-bhunscoile agus ina dhiaidh. An tríú ceann, tá Déanann Teangacha Nasc
tiomanta d’fhorbairt teangacha imirceach mar acmhainn náisiúnta, agus seo próiseas ba chóir a thosú sa bhunscoil:
“Aithníonn Curaclam na Bunscoile go bhfuil páistí ‘i gcuid mhaith scoileanna agus seomraí ranga nach labhraíonn Béarla
ná Gaeilge mar theanga bhaile (TB)’. An cumas atá ag na páistí sin ina dteanga bhaile cuireann sé le forbairt chumas na
bpáistí i dteanga an teagaisc.”
4
Tá sé tábhachtach le rá - ar mhaithe le comhtháthú sóisialta - gur réamhchoinníoll é meas
“
agus dearbhú ar theangacha baile. Má tá dímheas á léiriú ar theanga bhaile nó mura n-
Braitheann rath
straitéis Déanann Teangacha
aithnítear í, tá dímheas á léiriú ar fhéiniúlacht an duine aonair freisin nó níl an duine
Nasc mar chuid di go mbeidh rath ar
sin á aithint. Is dócha go gcruthóidh seo olc a mbeidh tionchar aige ar shochaí na
theangacha imirceach, ar mhaithe leis
hÉireann sna blianta atá le teacht.
na daoine a labhraíonn iad agus
“
chun cur lenár sochaí agus
lenár gcultúr.
Ina ngné phraiticiúil, tarraingíonn na treoirlínte seo ar chleachtas seomra ranga a
d’fhorbair Scoil Bhríde (Cailíní), Baile Bhlainséir, ina raibh Deirdre Kirwan ina
príomhoide ó 1987 go 2015. Tháinig an chéad dalta imirceach isteach in 1993, ina dhiaidh
sin tháinig méadú ar éagsúlacht chohórt na ndaltaí de réir a chéile. Faoi 2015, labhair 80% de
320 dalta sa scoil teanga eile seachas an Béarla ná an Ghaeilge sa bhaile, agus ní raibh aon Bhéarla ná ní raibh ach rud
beag Béarla ag an gcuid is mó acu nuair a thosaigh siad ar scoil sna Naíonáin Bheaga.
1
2
3
4
Déanann Teangacha Nasc. Straitéis do Theangacha Iasachta san Oideachas in Éirinn, 2017–2026, Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais
agus Scileanna, 2017, lch. 4.
Próifíl Bheartas Oideachais Teanga: Éire, lch. 34. Ar fáil ag https://rm.coe.int/proifil-bheartas-oideachais-teanga-eire/16807b3c30
Déanann Teagasc Nasc, lch. 11.
Déanann Teangacha Nasc, lch. 30. Curaclam Teanga na Bunscoile, Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais agus Eolaíochta, 2019, ar fáil ag
https://curriculumonline.ie/getmedia/2a6e5f79-6f29-4d68-b850-379510805656/PLC-Document_English.pdf
PPLI delivering
Supported by
5