PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 8
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
1.1 An cur chuige ilteangach i leith oideachas teanga agus Curaclam Teanga na Bunscoile
Ó na 1990idí, tá Comhairle na hEorpa ar son cur chuige ilteangach agus idirchultúrtha i leith oideachais go ginearálta
agus i leith oideachas teanga go háirithe. Rinne sí dearbhú ar a tiomantas i leith an chur chuige arís in 2022, nuair a
ghlac Coiste na nAirí le Moladh CM/Rec (2022)1, ar an tábhacht atá le hoideachas ilteangach agus idirchultúrtha do
chultúr daonlathach.7 Bunaítear an cur chuige ar thrí phrionsabal: (i) na teangacha go léir atá in úsáid i gcomhthéacs
áirithe oideachais, san áireamh anseo tá na teangacha a thugann na foghlaimeoirí leo, ba chóir go mbeadh ról ag na
teangacha sin sa phróiseas oideachasúil; (ii) ba chóir go gcabhródh oideachas le foghlaimeoirí de gach aois réimse
comhtháite teangacha a fhorbairt; agus (iii) is gné d’éagsúlacht theangeolaíoch í éagsúlacht chultúrtha agus ba chóir
déileáil léi mar fhoinse a chuireann leis an oideachas.
Déanann Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha (CEFR)8 idirdhealú idir daoine ilteangacha, atá in ann
cumarsáid a dhéanamh in dhá theanga nó níos mó, agus sochaithe agus pobail ilteangacha*, ina bhfuil dhá theanga
nó níos mó á labhairt. Cuireann an t-idirdhealú dhá fhíric san áireamh: ní gá go mbeadh daoine ilteangacha ina gcónaí
i bpobail ilteangacha*, agus ní gá go mbeadh pobail ilteangacha* lán de dhaoine ilteangacha. Déanann CEFR idirdhealú
freisin idir cur chuige ilteangach* agus cur chuige ilteangach in oideachas teanga. Tugann cur chuige ilteangach* deis
le haghaidh dara teanga agus teangacha iasachta a mhúineadh scoite amach óna chéile, “agus an ‘cainteoir dúchais
idéalach’ mar an eiseamláir is fearr”, 9 ach déanann cur chuige ilteangach iarracht forbairt a dhéanamh ar “chumas
cumarsáide ina bhfuil baint ag an eolas uile agus ag an taithí uile atá ag cainteoirí ar theanga agus ina bhfuil na
teangacha ag nascadh agus ag idirghníomhú.”10 Má tá an cur chuige seo le tarlú, caithfidh gach teanga a mhúintear
ar scoil a bheith ina cuid chomhtháite iomlán de thaithí cumarsáide gach dalta ón tús. Mar a aithníonn CEFR, le glacadh
le cur chuige ilteangach is gá athrú suntasach a dhéanamh ar aidhm oideachas teanga, atá anois “le stór teangeolaíoch
a fhorbairt ina bhfuil a áit féin ag gach cumas teangeolaíoch”.11 Seo an sprioc atá ag Curaclam Teanga na Bunscoile, a
sholáthraíonn cur chuige comhtháite i leith mhúineadh an Bhéarla, na Gaeilge agus Nuatheangacha Iasachta, agus ag
cur teangacha baile daltaí imirceach san áireamh freisin.
Is féidir achoimre a dhéanamh ar impleachtaí oideolaíocha an chur chuige ilteangaigh i gceithre phrionsabal, agus
fillfimid orthu ó am go ham sna codanna ina dhiaidh seo:
1. Ba chóir go mbeadh an múineadh agus an fhoghlaim bunaithe ar úsáid teanga atá spontáineach agus fíor;
spontáineach sa chiall go dtarlaíonn sé go nádúrtha sna gníomhaíochtaí a tharlaíonn ó nóiméad go nóiméad sa
seomra ranga; fíor sa chiall go léiríonn sé rudaí a bhí ag déanamh imní d’fhoghlaimeoirí láithreach i gcomhthéacs
na foghlama agus ina saol go ginearálta. Má tá an múineadh agus an fhoghlaim le bheith spontáineach agus fíor i
ndáiríre, caithfidh caint an tseomra ranga a bheith dialógach trialach. Cé go mbíonn an smacht i gcónaí ag an
múinteoir, caithfidh na foghlaimeoirí páirt a ghlacadh an t-am ar fad ag tarraingt ar an taithí, ar an eolas agus ar an
iomas a thugann siad leo.
7
Moladh CM/Rec(2022)1 agus is féidir teacht ar an Meamram Mínithe anseo: https://rm.coe.int/prems-013522-gbr2508-cmrec-2022-1-et-exposemotifs-couv-a5-bat-web/1680a967b4.
8
Common European Framework of Reference for Languages: Learning, teaching, assessment, Cambridge: Cambridge University Press, 2001.
Ar fáil ag Available at https://rm.coe.int/1680459f97.
9
CEFR, lch. 5.
10
CEFR, lch. 4.
11
CEFR, lch. 5.
PPLI delivering
8
Supported by