PPLI Primary Guidelines REVISED EDITION IRISH - Flipbook - Page 9
ppli.ie
Teanga agus Teangacha sa Bhunscoil. Roinnt treoirlínte le haghaidh múinteoirí le David Little agus Deirdre Kirwan
2. Ba chóir go dtarraingeodh an múineadh agus an fhoghlaim ar na hacmhainní teangeolaíocha go léir atá ar fáil do
na foghlaimeoirí: cuid bhunúsach den rud a thugann foghlaimeoirí leo is ea a gcumas i dteangacha eile agus a neolas soiléir agus iomasach ar struchtúir theangeolaíocha agus ar ghnásanna pragmatacha agus
sochtheangeolaíocha in úsáid teanga. Cuireann caint dhialógach thrialach ar chumas foghlaimeoirí acmhainní
teangeolaíocha a roinnt leis an múinteoir agus leis na foghlaimeoirí eile.
3. Ba chóir go n-aithneofaí sa mhúineadh agus san fhoghlaim gur rudaí scoite iad teangacha. Má tá cumas ilteangach
ag foghlaimeoirí ciallaíonn sé gur féidir leo aistriú idir teangacha agus/nó iad a mheascadh chun cumarsáid a
dhéanamh, déanann an CEFR cur síos ar chumas maidir le teangacha áirithe. I bhfocail eile, tugann sé aird don fhíric
– a dheimhníonn corpas mór taighde sícitheangeolaíoch 12 – gur féidir teangacha a scaradh san intinn agus go
bhfuil siad scartha óna chéile i gcuid mhaith comhthéacsanna úsáide. Is í an sprioc ba chóir a bheith ag cur chuige
ilteangach i leith oideachas teanga go gcuirfí ar chumas foghlaimeoirí an leibhéal is airde de litearthacht a bhaint
amach i ngach ceann de na teangacha atá siad ag foghlaim.
4. I saol ilteangach, níl úsáid na dteangacha leanúnach: ag am ar bith, tiocfaidh athrú
“
ar ár saol agus seans go mbeidh orainn teanga nua a fhoghlaim; ciallaíonn sé
Páistí ó theaghlaigh
freisin go mbeidh cúis níos lú ann gur gá dúinn úsáid a bhaint as ceann
mirceach a labhraíonn teanga eile
amháin nó níos mó dár dteangacha. Agus an fhéidearthacht seo san áireamh,
seachas an Béarla nó an Ghaeilge sa
ba chóir go gcabhródh an múineadh le foghlaimeoirí scileanna foghlaim
bhaile tugann siad éagsúlacht bhreise
teangacha a fhorbairt gur féidir leo a chur i bhfeidhm níos déanaí ina saol. San
leo a théann i bhfad thar difríochtaí
idir teangacha.
“
áireamh anseo tá scileanna féinbhainistíochta agus an cumas chun machnamh
a dhéanamh ar phróiseas foghlaim teanga agus measúnú a dhéanamh ar a thorthaí.
1.2 Forbairt teanga sna blianta réamhscoile
Tá dlúthcheangal idir sealbhú theanga an bhaile a dhéanann páistí sa luath-óige agus a bhforbairt chognaíoch, a
bpríomhshóisialú agus a n-inchultúrú. Agus páistí ag foghlaim conas labhairt, tá siad ag foghlaim conas smaoineamh;
nuair a labhraíonn siad tá siad ag maíomh go bhfuil siad ina mball den teaghlach inar rugadh iad; agus iad ina mball
den teaghlach sin tosaíonn siad ag foghlaim faoi na gnásanna,
faoi na dearcthaí agus faoi na creidimh atá i gcultúr an
teaghlaigh sin. Ó bhreith, i gcás páistí a bhfuil gnáthbhuanna
acu tá siad gníomhach ag forbairt caidreamh agus ag dul i
ngleic leis an timpeallacht thart timpeall orthu; ó nádúr, is
gníomhaithe neamhspleácha iad, bíonn siad ar bís le dul ar
aghaidh faoina stiúir féin agus rudaí a dhéanamh ina
gcomhráite agus ina scrúdú ar an domhan fisiciúil. Ag an am
céanna, ar ndóigh, braitheann siad ar thuismitheoirí, ar shiblíní
agus ar chúramóirí eile chun labhairt leo sa dialóg a thugann
an t-eolas agus an teanga dóibh de réir a chéile le labhairt faoi.
12
Féach, mar shampla, D. Singleton, “A critical reaction from second language research”, in V. Cook & Li Wei (eds), The Cambridge Handbook of Linguistic
Multi-competence, Cambridge: Cambridge University Press, lgh. 502–520.
PPLI delivering
Supported by
9