Say Yes to Languages Primary Sampler Module (Red) IRISH - Flipbook - Page 2
Fáilte!
Go raibh maith agat as cur isteach ar an modúl
10 seachtaine 'Cuir Fáilte Roimh Theangacha',
a thugann blaiseadh de theangacha eile do
dhaltaí i do scoil taobh le Gaeilge agus Béarla.
Is é an ról atá ag Teangacha Iar-bhunscoile
Éireann (TIBÉ) / Languages Connect ná
soláthar an mhodúil a éascú. Déantar é seo le
dlúth-chomhoibriú le scoileanna agus oidí lena
chinntiú go mbaintear aidhmeanna an mhodúil
amach. Tá tacaíocht ar fáil a bhaineann le cur
chun cinn agus soláthar an mhodúil i do scoil.
Aidhmeanna 'Cuir Fáilte
Roimh Theangacha':
• Feasacht a ardú ar an tábhacht a
bhaineann le hoideachas
nuatheangacha iasachta chun trasscileanna a chothú
• Ullmhú do chur i bhfeidhm
Churaclam Teanga athfhorbartha na
Bunscoile
• Roghnú teangacha a spreagadh ag an
dara leibhéal
• Tacú le cur i bhfeidhm Languages
Connect: Straitéis Do Theangacha
Iasachta san Oideachas in Éirinn 20172026
Nóta ó TIBÉ /
Languages Connect
• Litearthacht a fheabhsú, i mBéarla
agus sa Ghaeilge araon
Guíonn an Fhoireann Bhunscoile
gach rath ar scoileanna le soláthar
an mhodúil.
Breathnóireacht Ranga
agus Aiseolas
Tá tuilleadh eolais ar fáil ar
LanguagesConnect.ie/Primary
Ríomhphost primary@ppli.ie
Féadfaidh TIBÉ / Languages Connect
cuairt a thabhairt ar scoileanna chun
breathnóireacht a dhéanamh ar
ranganna agus aiseolas a fháil ó
mhúinteoirí, oidí agus bainistíocht na
scoile. D'fhéadfaidís grianghraif nó
físeáin a ghlacadh chun tacú le cur chun
cinn an mhodúil amach anseo, de réir
pholasaithe na scoile, treoirlínte
ábhartha sláinte agus sábháilteachta
agus faoi réir aontú le bainistíocht na
scoile.