Say Yes to Languages Primary Sampler Module (Red) IRISH - Flipbook - Page 3
Mo Phas Teanga
agus Stampaí
Doiciméad is ea an Pas Teanga a úsáidodh
gach dalta agus iad ag foghlaim teangacha
nua. Deartar é chun cur le hobair an oide i
dtaobh sholáthar an mhodúil, agus tá na
hacmhainní ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Spreagtar daltaí chun an pas a úsáid tríd
an modúl ar fad agus a gcuid machnamh
a thaifeadadh de réir mar a chuireann siad
lena bhfeasacht teanga.
Anuas air sin, spreagtar daltaí chun a bpas a
choinneáil agus é a úsáid chun eispéiris
amach anseo a thaifeadadh agus iad ag dul
ar aghaidh go dtí an dara leibhéal. Is féidir
leis a bheith ina acmhainn úsáideach chun
tacú le comhráite maidir le teangacha agus
foghlaim teanga, ar scoil agus sa bhaile. Is
féidir le hoidí aitheantas a thabhairt don dul
chun cinn agus é a mholadh ar bhealach
spraíúil leis na stampaí. Is féidir iad a úsáid ar
obair na ndaltaí agus ina bPas Teanga agus
is féidir le daltaí iad a thaispeáint dá
dtuismitheoirí de réir mar a théann siad tríd
an modúl.
Cuir Fáilte Roimh
Theangacha
Acmhainní Spraíúla
Innillte
Tá siad seo lán d'fhíricí fánacha, stór focal
agus nathanna, cuardaigh focal, bris an cód
agus cluichí/gníomhaíochtaí eile a
bhaineann le rogha teanga do scoile, ar fáil i
mBéarla agus i nGaeilge araon! Áirítear leo
eolas ar ghnéithe cultúrtha amhail
sainchomharthaí, béilí cáiliúla agus stór
focal tábhachtach is féidir a chuimsiú sa
mhodúl.
Tá cinn ann a bhaineann le teanga amháin
go sonrach agus cinn eile nach mbaineann.
Is féidir le daltaí iad a úsáid sa bhaile nó ar
scoil chun cur lena gcuid foghlama nó
tacú léi, agus tugtar deiseanna do
dhaltaí dúshlán a chur rompu féin
ar bhealach spraíúil tarraingteach!
Tá raon tacaíochtaí sa
phaca do mhúinteoirí agus
daltaí chun lántairbhe a
bhaint as an modúl Cuir
Fáilte Roimh Theangacha,
agus chun cabhrú leo cur
lena bhfeasacht i dtaobh
teangacha a úsáidtear sa
scoil agus sa phobal i
gcoitinne.