SYTL Language Adventures IRISH - Flipbook - Page 16
Eachtraí Teanga: Teangacha agus Cultúir a ghlacadh chugat féin sa bhunscoil
teanga eile (seasann dearg do chontúirt nó do ghrá i roinnt cultúr, sonas agus
ádh i gcultúir eile; tá oráiste/nannbhuí beannaithe i gcultúr amháin, agus
baineann sé le teas i gceann eile, agus baineann sé le cailliúint, cumha agus brón
i gcinn eile); baineann cialla difriúla le hainmhithe i gcultúir éagsúla. Is cuma má
tá an t-eolas seo ag na páistí agus a dtuismitheoirí nó nach bhfuil, má dhéantar
taighde ar roinnt de na gnéithe seo, feicfear na naisc chasta atá idir pobail
teanga agus a gcultúir, agus is bealach dearfach é seo le héagsúlacht a
iniúchadh.
Scríobh téacs simplí
Cuireann múinteoirí scéal simplí le
pictiúir i láthair. Is féidir iarraidh ar pháistí
cur síos a dhéanamh ar charachtar sa
scéal trí focail aonair in aon teanga a chur
leis (b9fhéidir cuma an charachtair
agus/nó gnéithe eile nó tréithe
pearsantachta a thuigtear a bheith ann,
m.sh., 8maith9 nó 8olc9). Is féidir leis na páistí
carachtar nua a chur leis an scéal. Sa chás
sin, ba chóir dóibh a chuma/cuma a
shocrú, agus tréithe eile a chur leis/léi sa ról a roghnaíonn siad dó/di.
Spreagfaidh gníomhaíocht mar seo a gcuid tuairimí cultúrtha freisin. Mar
shampla, an gcreideann páistí go bhfuil mic tíre agus fathaigh olc i ngach cultúr?
Is féidir greannáin agus vignetteanna gan téacs a úsáid chun go scríobhfaidh
na páistí lipéid leo.
Ceol
Is deis mhaith é ceol a chasadh chun
teanga na bpáistí agus a gcuid
scileanna idirbheartaíochta a úsáid.
Roghnaíonn na páistí an buille nó an
cineál ceoil atá uathu, agus ansin
cuireann siad liricí simplí leis an
16