SYTL Language Adventures IRISH - Flipbook - Page 8
Leabharlann scoile: acmhainní cearta teanga, acmhainní
dátheangacha/ilteangacha
Finscéalta, rainn do pháistí, greannáin agus téacsanna eile - léiríonn siad an
cultúr inar cumadh iad. Tá sé tábhachtach ligean do pháistí teacht ar
bhuntéacsanna, mar go léiríonn na téacsanna seo comhthéacsanna na dtíortha
ina labhraítear na teangacha sin, agus mar sin, tugann siad noda faoin gcultúr.
I gcás acmhainní eile, leabhair dhátheangacha mar shampla, cuidíonn siad le
páistí teacht ar théacsanna simplí, féachaint ar na pictiúir, scéalta a chloisteáil
agus a léamh. Is féidir iarraidh ar pháistí agus ar thuismitheoirí/chaomhnóirí, a
bhfuil cumas maith i dteangacha éagsúla acu, léamh do dhaoine eile. I
dtéacsanna dátheangacha bíonn deiseanna iontacha iontu féachaint ar an tslí
a n-úsáidtear sainréim teanga i roinnt teangacha don chomhrá foirmeálta agus
neamhfhoirmeálta, mar shampla, an difríocht idir 8tú' (in úsáid go
neamhfhoirmeálta) agus 8usted9 (in úsáid go foirmeálta) i Spáinnis (agus a
macasamhail i dteangacha eile) – is é an dara pearsa uatha 8tú9 an bhrí atá leo sa
Ghaeilge.
Ina lán teangacha, tugtar inscne i.e., orinscneach nó baininscneach, do nithe
neamhbheo. I ndiaidh na gcéadta bliain ag tagairt don ghrian mar ainmfhocal
orinscneach (8il sole9) agus don ghealach mar ainmfhocal baininscneach (8la
luna9), agus an oiread sin tagairtí dóibh sa litríocht, san amhránaíocht, san ealaín
agus i nathanna cainte, seans go mbeidh sé deacair ag cainteoirí Iodáilise (agus
a leithéidí i dteangacha eile) gan smaoineamh faoi na hainmfhocail sin le
hinscne.
8