#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 10
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Céim 2
Déan Iniúchadh ar Acmhainní
agus ar Dheiseanna
Caith tamall le Foireann Seaimpíní ag
fiosrú na n-acmhainní agus na ndeiseanna
atá ar fáil ó fhoireann #ThinkLanguages
agus ó chomhpháirtithe #ThinkLanguages.
Cabhróidh na hacmhainní atá leagtha amach
ar na leathanaigh seo a leanas leat Seachtain
#ThinkLanguages a phleanáil, a chur chun
cinn agus taitneamh a bhaint aisti i do scoil,
agus tacóidh siad leat dul i dteagmháil le
comhpháirtithe #ThinkLanguages.
Acmhainní Pleanála
Tugann na hacmhainní pleanála seo
deiseanna duit ceisteanna a chur, smaointe a
roinnt agus inspioráid a fháil ó dhaoine eile.
Do Mhúinteoirí
> Grúpa Facebook do Mhúinteoirí: Cláraigh leis an
ngrúpa Facebook do mhúinteoirí áit ar féidir leat
smaointe a roinnt, ceisteanna a chur agus inspioráid
a fháil ó dhaoine eile
> Seisiún faisnéise do mhúinteoirí: Cláraigh do
sheisiún eolais ar líne chun tuilleadh a fhoghlaim faoi
#ThinkLanguages agus faoin méid atá ar fáil in 2026
> Pobail Chleachtais do Mhúinteoirí: Glac páirt
san fhóram ar líne seo do mhúinteoirí, áit ar féidir
smaointe a roinnt do Sheachtain #ThinkLanguages
Cibé acu an chéad bhliain atá agat nó gur saineolaí
#ThinkLanguages thú, glac páirt i bPobal Cleachtais
a oireann do do leibhéal taithí
Lean ár gcuntais ar na meáin shóisialta chun eolas
a fháil faoi chlárúchán do sheisiúin eolais agus do
Phobail Chleachtais.
8
Céim 1: Foireann Seaimpíní a Bhunú
> Físeáin Leideanna do Mhúinteoirí: Tá sraith físeán gearr
(níos lú ná 2 nóiméad ar fad) faoi #ThinkLanguages ar
fáil ar líne. Ina measc tá físeán do scoláirí a chabhróidh
leat baill a earcú d’Fhoireann Seaimpíní
Do Scoláirí agus do Mhúinteoirí
> Pleanálaí Fhoireann Seaimpíní: Íoslódáil an uirlis
phleanála áisiúil seo chun cabhrú leat súil a choinneáil
ar do liosta rudaí le déanamh ar languagesconnect.ie/
thinklanguages-downloads
> Ceisteanna Coitianta: Féach ar leathanach na
gCeisteanna Coitianta ag languagesconnect.ie/
thinklanguages-faqs
> Seoladh Ríomhphoist: Déan teagmháil le
thinklanguages@ppli.ie chun teagmháil a dhéanamh
lenár bhfoireann tacaíochta má bhíonn aon cheist agat
Céim 2: Déan Iniúchadh ar Acmhainní agus ar Dheiseanna