#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 12
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Acmhainní don Chlár Imeachtaí
Féach ar na hacmhainní atá ar fáil
agus faigh amach cad is féidir leat a
chur san áireamh i gclár imeachtaí
Sheachtain #ThinkLanguages.
Searmanas Oscailte
Cuir tús le d’imeacht Sheachtain
#ThinkLanguages leis an bhfíseán spreagúil
30 nóiméad seo, ina roinneann daoine a
bhfuil tairbhí na dteangacha feicthe acu ina
saol agus ina ngairmeacha beatha a gcuid
scéalta agus léargas. Beidh an físeán ar fáil
i mí na Samhna ar languagesconnect.ie/
thinklanguages
Acmhainní Eile
> Tráth na gCeist Idirghníomhach
#ThinkLanguages: Glac páirt sa tráth na gceist
spraíúil seo agus téigh in iomaíocht le scoileanna
ar fud na tíre le fáil amach cé a bhfuil an t-eolas
is fearr ar theangacha! Reáchtálfar an tráth na
gceist beo 30 nóiméad seo, bunaithe ar théama
na dteangacha, dhá uair sa lá i rith Sheachtain
#ThinkLanguages. Gheobhaidh scoileanna
cláraithe na sonraí agus na naisc don tráth
na gceist i mí na Samhna
> Ceardlanna Réamhthaifeadta: Féach ar na
ceardlanna ar líne seo a bhaineann le teangacha
agus cultúir ar leathanach 11 den lámhleabhar seo
agus ar ár suíomh gréasáin
> Comhpháirtí #ThinkLanguages Tá gníomhaíochtaí
den scoth ar fáil ó chomhpháirtithe#ThinkLanguages, lena n-áirítear Institiúid Scannán na
hÉireann, Europa Experience, institiúidí cultúrtha
agus ollscoileanna ar fud na tíre, le cur san
áireamh i do chlár imeachtaí. Tá tuilleadh eolais
faoi seo le fáil sa lámhleabhar seo
Ceardlanna Beo i bPearsa
Leithdháilfidh foireann #ThinkLanguages
na ceardlanna beo móréilimh seo ar roinnt
scoileanna. Má chuir tú spéis in iúl tráth
an chlárúcháin, tá súil againn socrúcháin
do cheardlanna beo a dheimhniú do líon
teoranta scoileanna i mí Dheireadh Fómhair.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ós rud é go
bhfuil líon teoranta de na ceardlanna beo seo
ar fáil, ní mór duit glacadh leis an gcuireadh
laistigh den tréimhse ama atá sonraithe;
mura ndéanann tú amhlaidh, tairgfear an
cheardlann do scoil eile Déantar é seo lena
chinntiú go mbeidh an deis ag an líon is mó
scoileanna agus is féidir páirt a ghlacadh i
gceardlanna beo.
10
Céim 1: Foireann Seaimpíní a Bhunú
Céim 2: Déan Iniúchadh ar Acmhainní agus ar Dheiseanna