#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 17
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
#ThinkLanguages sa Phictiúrlann
Faigh blaiseadh de theangacha tríd an
scannánaíocht Tá Institiúid Scannán
na hÉireann (IFI) ag tairiscint clár
coimeádta scannán a bheidh ar siúl
le linn Sheachtain #ThinkLanguages.
Roghnaigh idir taispeántais scannán i
bpríomhphictiúrlann IFI i mBaile Átha
Cliath, in ionaid réigiúnacha ar fud na
hÉireann, nó sruthaigh ábhar go díreach
chuig do sheomra ranga trí IFI@Schools.
Cuireann Institiúid Scannán na hÉireann (IFI), institiúid
chultúrtha náisiúnta na hÉireann don scannánaíocht,
Clár do Scoileanna ar fáil ina bhfuil rogha de scannáin
den scoth ó Éirinn agus ó thíortha eile. Bíonn
taispeántais ar siúl in IFI i mBaile Átha Cliath, in ionaid
réigiúnacha, agus ar líne trí IFI@Schools.
An tSeachtain #ThinkLanguages seo, faigh amach faoi
theangacha agus faoi chultúir tríd an scannánaíocht.
Roghnaigh idir cuairt ar ionad ealaíon i do cheantar,
taispeántais scannán rúnda san IFI, nó sruthú díreach
chuig do sheomra ranga. Le haghaidh tuilleadh
eolais faoi na deiseanna spreagúla atá á dtairiscint
ag IFI, tabhair cuairt ar languagesconnect.ie/
thinklanguages–partners
Ionaid ar fud na tíre
Anuraidh, d’fhéach breis agus 3,400 scoláire ar scannán
mar chuid de Sheachtain #ThinkLanguages. Beidh
sonraí iomlána faoi na hionaid rannpháirteachai mbliana
agus faoin gcaoi le háit a chur in áirithe ar fáil ag
languagesconnect.ie/thinklanguages-partners
IFI@Schools
Mura bhfuil sé de chumas agat freastal ar phictiúrlann
le linn Sheachtain #ThinkLanguages, is féidir scannáin
a shruthú go díreach chuig do sheomra ranga. Tá go
leor scoileanna tar éis leas a bhaint as IFI@Schools,
a chuireann rogha de na scannáin Éireannacha agus
idirnáisiúnta is fearr ar fáil do scoláirí trí ardán
sruthaithe uathúil.
Sraith Físeán Treorach
Chun tacú le múinteoirí le gníomhaíochtaí a phleanáil
agus a chur i gcrích le linn Sheachtain #ThinkLanguages,
cuirfidh IFI sraith físeán gearr treorach ar fáil maidir
le húsáid IFI@Schools. Tabharfaidh na hacmhainní
praiticiúla seo treoir maidir le teacht ar an ardán,
scannáin agus ábhair staidéir a aimsiú, agus úsáid a
bhaint as na scannáin atá ar fáil trí chlár Sheachtain
#ThinkLanguages. Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair
cuairt ar languagesconnect.ie/thinklanguages-partners
D’fhéadfadh athruithe a bheith ar an gclár scannán.
Céim 3: Pleanáil agus Cuir Chun Cinn
Céim 4: Bain Taitneamh as do Sheachtain #ThinkLanguages
Céim 5: Cuir Isteach ar ár gComórtais
15