#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 18
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
#ThinkLanguages
i do Phobal Áitiúil
Is deis é #ThinkLanguages smaoineamh
go domhanda agus gníomhú go háitiúil.
Gach bliain, cuireann sé iontas ar scoláirí
agus ar mhúinteoirí na hIdirbhliana cé
mhéad teanga atá mórthimpeall orthu,
agus comhscoláirí agus comhghleacaithe
ag nochtadh scileanna teanga nach raibh
ar eolas acu roimhe sin.
Smaoinigh go Domhanda,
Gníomhaigh go hÁitiúil
An dtagann aon duine chun cuimhne a d’fhéadfadh cur
le himeacht Sheachtain #ThinkLanguages i do scoil?
> Déan taighde chun a fháil amach cé mhéad teanga
a labhraíonn scoláirí i do scoil, nó cé mhéad scoláire
i do scoil atá ilteangach
> Labhair le scoláirí eile agus le tuismitheoirí.
An bhfuil aon duine ann a d’fhéadfadh cúpla frása
a mhúineadh ina dteanga dhúchais, taispeáint conas
béile traidisiúnta a ullmhú, nó uirlis thraidisiúnta
ceoil a sheinm?
> Déan fiosrú ar ghnólachtaí áitiúla agus ar
ghrúpaí pobail. B’fhéidir go mbeadh duine ann
a d’fhéadfadh ceardlann a stiúradh nó léargas
a thabhairt ar an úsáid a bhaineann siad as
teangacha ina ngairm bheatha
#ThinkLanguages sa Bhunscoil
Is féidir le scoláirí na hIdirbhliana atá páirteach i
#ThinkLanguages cuairt a thabhairt ar bhunscoil
áitiúil agus a thaispeáint do dhaltaí níos óige go
bhfuil sé spraíúil agus indéanta teanga nua a
fhoghlaim ar an dara leibhéal. Bain úsáid as cuid
dár mioncheachtanna teanga chun spéis daltaí
níos óige a mhúscailt. Le haghaidh tuilleadh
eolais faoi conas mioncheachtanna teanga a
reáchtáil agus chun samplaí de smaointe agus
cluichí spraíúla a fheiceáil, tabhair cuairt ar
languagesconnect.ie/thinklanguages
Teistiméireacht ó Scoláire na hIdirbhliana
(Durlas Éile, Co. Thiobraid Árann)
“Ba í an chuairt ar an mbunscoil áitiúil buaicphointe
mo thaithí. Thugamar linn aibhsitheoirí agus pinn
#ThinkLanguages, chomh maith le leabhráin
eolais faoin bhFrainc, mar chuid dár mioncheacht
Fraincise Mhúineamar réimse leathan foclóra
Fraincise do na scoláirí ar bhealach spraíúil agus
gníomhach. Chuireamar críoch lenár mioncheacht
Fraincise le hamhráin Fhraincise agus le tráth na
gceist. Ba eispéireas thar a bheith taitneamhach é
agus ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo.”
Teistiméireacht ó Mhúinteoir Teanga
(An tAonach, Contae Thiobraid Árann)
“Ba mhór an rath a bhí ar an gcuairt ar an
mbunscoil. Ba mhór an pléisiúr dúinn mar mhúinteoirí ár gcuid scoláirí a fheiceáil ag múineadh,
agus iad ag baint úsáide as na modheolaíochtaí
a chleachtaíomar leo le 3 bliana anuas. Bhí sé
cosúil le leaganacha beaga dínn féin a fheiceáil i
mbun oibre. Eispéireas den scoth a bhí ann ó
thús deireadh.”
16
Céim 1: Foireann Seaimpíní a Bhunú
Céim 2: Déan Iniúchadh ar Acmhainní agus ar Dheiseanna