#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 20
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Céim 4
Bain Taitneamh as do
Sheachtain #ThinkLanguages
Níl le déanamh anois ach na
hullmhúcháin dheireanacha a chur
i gcrích! Tá an phleanáil déanta, tá
clár na n-imeachtaí deimhnithe,
agus tá spleodar Sheachtain
#ThinkLanguages le brath ar
fud na scoile! Beidh cúpla rud le
déanamh ag Foireann Seaimpíní
#ThinkLanguages lena chinntiú
go n-éireoidh leis an bhféile.
> Ullmhaigh na seomraí cuí ina
mbeidh na gníomhaíochtaí ar siúl
> Cuir fáilte roimh aon aíonna nuair
a shroicheann siad an scoil
> Cinntigh go bhfuil na teilgeoirí
agus an fhuaim ag obair i gceart
> Seiceáil go bhfuil na gníomhaíochtaí
ar líne ullamh agus ag feidhmiú i gceart.
> Pleanáil conas a roinnfear na hábhair
bolscaireachta
> Glac grianghraif agus físeáin agus roinn ar
líne iad, agus bí cinnte sinn a chlibeáil agus
an haischlib #ThinkLanguages a úsáid
Ná Déan Dearmad!
Agus sibh ag pleanáil do Sheachtain
#ThinkLanguages agus ag taifeadadh
bhur vlag, féach ar ár leideanna
chun imeacht rathúil a reáchtáil.
18
Céim 1: Foireann Seaimpíní a Bhunú
Céim 2: Déan Iniúchadh ar Acmhainní agus ar Dheiseanna