#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 22
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Céim 5
Cuir Isteach ar
ár gComórtais
Mar chuid d’fhéile #ThinkLanguages
na bliana seo, tugtar cuireadh do
scoláirí na hIdirbhliana páirt a ghlacadh
in dhá chomórtas. Tá duaiseanna
na gcomórtas seo á gcur ar fáil ag
ár gcomhpháirtí, an Roinn Gnóthaí
Eachtracha, mar chuid den straitéis
Gairm san AE.
Tugann an dá chomórtas seo deis do scoláirí na
hIdirbhliana machnamh a dhéanamh ar ról na
dteangacha ina saol féin agus a gcuid foghlama
a chur i láthair ar bhealach fiúntach. Cuirtear
sonraí iomlána agus treoirlínte iontrála ar fáil
ar na leathanaigh seo a leanas.
A Career for EU
Gairm san AE
An bhféadfadh Gairm san AE
a bheith oiriúnach duit?
Ar chuir tú riamh suim in obair san
Aontas Eorpach? Tá an raon gairmeacha
atá ar fáil i bhfad níos leithne ná mar
a shílfeá. Tá straitéis Gairm san AE na
Roinne Gnóthaí Eachtracha ag obair chun
ionadaíocht na hÉireann in institiúidí an
Aontais Eorpaigh a mhéadú.
Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi
ghairm san Aontas Eorpach, faoin gcuma
a bheadh ar an obair ó lá go lá, faoi na
céimeanna is gá a ghlacadh chun an
bealach gairme spreagúil seo a leanúint,
agus faoin tacaíocht atá ar fáil , féach ar
ireland.ie/eu-jobs
Comórtas Póstaeir Aonair
Spreagann an Comórtas Póstaeir Aonair scoláirí na
hIdirbhliana chun a gceangal pearsanta le foghlaim
teangacha a chur in iúl go físiúil, le béim ar leith ar
an gcaoi ar féidir le teangacha tacú lena roghanna
staidéir agus gairme amach anseo.
Comórtas Vlaig Fhoireann na Seaimpíní
Tugann Comórtas Vlaga Fhoireann Seaimpíní cuireadh
d’Fhoireann Seaimpíní na scoile, ar a bhfuil seisear
scoláirí Idirbhliana, a dtaithí ar fhéile #ThinkLanguages
a dhoiciméadú trí fhíseán. Ba chóir do na hiontrálacha
léargas a thabhairt ar na teangacha agus ar na
cultúir atá sa scoil, chomh maith le fuinneamh agus
gníomhaíocht Sheachtain #ThinkLanguages a léiriú.
20
Céim 1: Foireann Seaimpíní a Bhunú
Céim 2: Déan Iniúchadh ar Acmhainní agus ar Dheiseanna