#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 23
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Comórtas
Póstaeir Aonair
Mar chuid de Sheachtain
#ThinkLanguages, beidh scoláirí
ar fud na hÉireann ag ceiliúradh
teangacha agus na ndeiseanna
a chuireann siad ar fáil. Anois,
tá sé in am do phaisean do
theangacha a thaispeáint trí
phóstaer cruthaitheach, spreagúil
agus tarraingteach a dhearadh!
Tugtar cuireadh do scoláirí uile na
hIdirbhliana póstaer a chruthú,
bíodh sé lámhdhéanta nó digiteach
(gan úsáid na hintleachta saorga),
a léiríonn an téama seo a leanas.
Smaoinigh ar Dheiseanna
Oibre Domhanda
Smaoinigh ar
Dheiseanna
Oibre Domhanda
Céim 3: Pleanáil agus Cuir Chun Cinn
> Cruthaigh póstaer bunaidh i bhformáid A4
bunaithe ar ár dtéama Smaoinigh ar Dheiseanna
Oibre Domhanda. Is féidir an póstaer a bheith
lámhdhéanta nó cruthaithe go digiteach Ní
ghlacfar le hábhar a ghintear le hintleacht shaorga
> Ní mór teanga amháin ar a laghad seachas an Béarla
nó an Ghaeilge a bheith mar chuid de do dhearadh
> Cruthaigh póstaer atá tarraingteach don tsúil trí úsáid
chruthaitheach a bhaint as dathanna, siombailí agus téacs
> Cuir do phóstaer isteach mar íomhá ardchaighdeáin
nó mar chomhad PDF trínár bhfoirm iarratais faoi
5.00pm Dé Luain, an 30 Samhain 2026 ag
languagesconnect.ie/thinklanguages-competitions
Critéir Mheasúnaithe
Ba chóir do do phóstaer téama Smaoinigh
ar Dheiseanna Oibre Domhanda a fhiosrú ar
bhealach cruthaitheach. Le haghaidh tuilleadh
eolais agus na téarmaí agus coinníollacha iomlána
a léamh, tabhair cuairt ar languagesconnect.ie/
thinklanguages-competitions
#ThinkLanguages
Conas cur isteach
Beidh na moltóirí ag lorg póstaeir atá cruthaitheach,
tarraingteach agus spreagúil. Déanfar measúnú ar
d’iontráil bunaithe ar na nithe seo a leanas:
> Cruthaitheacht agus Dearadh: Úrnuacht, caighdeán
ealaíne agus tionchar amhairc
> Teachtaireacht agus Téama: An chaoi a ndéanann do
phóstaer an téama a léiriú agus a chur in iúl go soiléir
> Ionchuimsiú Teangacha Úsáid teanga amháin ar a
laghad seachas an Béarla nó an Ghaeilge
Duaiseanna agus Craobh Náisiúnta
#ThinkLanguages
> Bronnfar dearbhán ar gach ceann de na trí iontráil is fearr
> Roghnófar buaiteoirí an chomórtais póstaeir agus
tabharfar cuireadh dóibh freastal ar Chraobh Náisiúnta
#ThinkLanguages i mí Eanáir 2027, áit a mbeidh deis
acu a bpóstaeir a gcuid oibre a léiriú.
Céim 4: Bain Taitneamh as do Sheachtain #ThinkLanguages
Céim 5: Cuir Isteach ar ár gComórtais
21