#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 25
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Buaigh Turas go
dtí an Bhruiséil!
Is é turas spreagúil go dtí an
Bhruiséil an phríomhdhuais iontach
do Chomórtas Vlaga Fhoireann
Seaimpíní na bliana seo. Is í an Roinn
Gnóthaí Eachtracha a rinne urraíocht
fhial ar an duais seo mar chuid de
straitéis Gairm san AE.
Maidir leis an Duais
Beidh na nithe seo a leanas san áireamh sa turas
iontach seo go croílár ilchultúrtha na hEorpa:
> Eitiltí fillte agus lóistín don fhoireann bhuaiteach (suas
le seisear scoláirí agus beirt mhúinteoirí tacaíochta).
> Cuairt ar an gCoimisiún Eorpach chun blaiseadh
a fháil de shaol gairme san Aontas Eorpach.
> Tabhair cuairt ar shainchomharthaí cáiliúla
na Bruiséile, amhail an tAtomium agus an
Grand-Place galánta
> Glac páirt i gceardlann thraidisiúnta chun
vaiféil Beilgeacha a dhéanamh.
> Liúntas do bhéilí agus do chostais taistil
> Árachas taistil
Cuir isteach bhur bhfoirm iontrála #ThinkLanguages
agus bhur vlag faoi Dé Luain, an 30 Samhain 2026.
Le haghaidh tuilleadh sonraí, na téarmaí agus na
coinníollacha iomlána, agus eolas faoi conas páirt a
ghlacadh, tabhair cuairt ar languagesconnect.ie/
thinklanguages-competitions
Bí cinnte súil a choinneáil ar ár gcuntais
mheán sóisialta agus bígí ag faire amach dár
nuashonruithe ríomhphoist ina mbeidh eolas
tábhachtach faoi Chomórtas Vlaga Fhoireann
Seaimpíní #ThinkLanguages.
Céim 3: Pleanáil agus Cuir Chun Cinn
Céim 4: Bain Taitneamh as do Sheachtain #ThinkLanguages
Céim 5: Cuir Isteach ar ár gComórtais
23