#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 26
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Seaimpín #ThinkLanguages
Dúshlán Foirne Ghaisce
Is féidir le scoláirí atá páirteach i
bhFoireann Seaimpíní #ThinkLanguages
a gcuid scileanna agus taithí a
fhorbraíonn siad thar thréimhse 13
seachtaine a chur san áireamh i dtreo
Ghradam Chré-Umha Ghaisce.
Maidir le Gaisce
Is é Gaisce, Gradam an Uachtaráin, gradam náisiúnta
óige na hÉireann a spreagann daoine óga idir 14 agus
25 bliana d’aois chun dúshlán a thabhairt dóibh féin
agus fás trí fhorbairt phearsanta.
Comhpháirtí Dhúshlán Ghaisce
Mura ball d’Fhoireann Seaimpíní tú, tá neart bealaí
eile fós ann ar féidir leat teangacha a úsáid chun cur le
Gradam Ghaisce i réimsí na Scile Pearsanta agus na
Rannpháirtíochta Pobail. Le haghaidh tuilleadh eolais
faoinár gcomhpháirtíocht le Gaisce mar Chomhpháirtí
Dúshláin, tabhair cuairt ar languagesconnect.ie/
thinklanguages-and-gaisce
Scileanna a Fhorbraítear trí
#ThinkLanguages a Eagrú
> Ceannaireacht agus Obair Foirne:
Daoine eile a spreagadh agus comhoibriú
chun comhspriocanna a bhaint amach
> Pleanáil agus Eagrúchán Tascanna
a eagrú agus socruithe praiticiúla an
imeachta a bhainistiú
> Cumarsáid agus For-rochtain Rannpháirtíocht sa Scoil agus sa Phobal Áitiúil
> Taighde agus Smaointeoireacht Chriticiúil:
Fiosrú ar theangacha áitiúla agus ar
rannpháirtithe pobail
> Bainistiú Imeachtaí agus Acmhainní:
Socruithe agus ullmhúcháin an imeachta
a reáchtáil go héifeachtach
> Margaíocht agus Bolscaireachta:
Ábhar a chruthú chun feasacht a ardú
> Réiteach Fadhbanna agus Solúbthacht
Dul i ngleic le dúshláin agus pleananna
a chur in oiriúint de réir mar is gá
> Cruthaitheacht agus Cur i Láthair: Íomhánna
a dhearadh agus gníomhaíochtaí a léiriú
24