#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 3
Lámhleabhar Pleanála #ThinkLanguages 2026
Fáilte go Seachtain
#ThinkLanguages
2026!
Go raibh maith agat as clárú do #ThinkLanguages 2026! Beidh an ócáid
seo ar siúl don naoú bliain i mbliana, agus beidh ceiliúradh ar siúl ar fud
na tíre ón Luan, an 16 Samhain go dtí an Aoine, an 20 Samhain 2026.
Bígí réidh le cur isteach
ar ár gcomórtais 2026!
Tá foireann #ThinkLanguages ag súil go mór le tacú libh Is é an
lámhleabhar seo do threoir chéim ar chéim ar na hacmhainní agus na
tacaíochtaí atá ar fáil chun féile teangacha agus cultúr spreagúil agus
tarraingteach a eagrú i do scoil.
Tá áthas orainn dhá chomórtas
iontacha a fhógairt i mbliana:
Is iad aidhmeanna Sheachtain #ThinkLanguages ná
Tabhair dúshlán d’Fhoireann na
Seaimpíní vlag i stíl faisnéise a
thaifeadadh agus do Sheachtain
#ThinkLanguages a thaispeáint
dúinn. Eitleoidh an fhoireann
bhuaiteach go dtí an Bhruiséil, le
caoinchead ár gcomhpháirtithe
sa Roinn Gnóthaí Eachtracha
Ná caill amach ar an deis seo
– féach ar leathanach 22 chun
na sonraí go léir a fháil!
> Teangacha a cheiliúradh le chéile i scoileanna, in
ollscoileanna agus in eagraíochtaí ar fud na tíre
> Tacú le múinteoirí spás a chruthú i bhféilire na scoile chun
teangacha agus na deiseanna a chuireann siad ar fáil
lasmuigh den seomra ranga a léiriú
> Spéis agus rannpháirtíocht na ndaltaí Idirbhliana a spreagadh
i leith na dteangacha agus na gcultúr atá thart timpeall orthu
sa scoil, sa phobal i gcoitinne agus ar fud an domhain
> Cuimsiú a chur chun cinn agus na buntáistí iomadúla
pearsanta, sóisialta, gairmiúla agus cultúrtha a bhaineann
le foghlaim teangacha a léiriú
> Daltaí Idirbhliana a spreagadh chun teangacha a
roghnú don tSraith Shinsearach agus leanúint lena gcuid
staidéir teanga san oideachas tríú leibhéal
> Plé leis an bpobal áitiúil chun feasacht a mhúscailt faoi
na buntáistí a bhaineann le scileanna teanga
Tá na nithe seo a leanas
i do Phacáiste Tosaigh:
> Lámhleabhar Pleanála
> Póstaeir
> Láinnéirí le ceangal le Cártaí
Tasc Fhoireann na Seaimpíní
> Bileoga Eolais na gComhpháirtithe
> Bileog Chlárúcháin na nDaltaí
Comórtas Vlaig
Fhoireann na Seaimpíní
Comórtas Póstaeir Aonair
Scaoil le do shamhlaíocht
agus dear póstaer a spreagfaidh
daoine. Tá duaiseanna den
scoth le buachan – féach ar
leathanach 21 chun tuilleadh
a fháil amach!
A Career for EU
Gairm san AE
Scan an cód QR chun
tuilleadh eolais a fháil
faoi #ThinkLanguages
1