#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 30
Bainisteoir Taighde
Captaen Fhoireann Seaimpíní
Tá an ról seo dírithe ar fhiosrú a dhéanamh ar na teangacha
a labhraítear i do scoil agus i do cheantar áitiúil, agus
ar an gcaoi ar féidir leo cur le himeacht Sheachtain
#ThinkLanguages agus í a fheabhsú.
Tá an ról seo dírithe ar cheannaireacht a léiriú,
dea-shampla a thabhairt, agus tacaíocht a chur ar
fáil do gach ball den Fhoireann Seaimpíní chun a
chinntiú go mbeidh bhur n-imeacht chomh spreagúil
agus chomh rathúil agus is féidir.
Tascanna agus Freagrachtaí
> Déan taighde chun a fháil amach cé mhéad teanga a labhraíonn
scoláirí i do scoil, nó cé mhéad scoláire i do scoil atá ilteangach
> Déan taighde ar aon daoine nó eagraíochtaí i do cheantar áitiúil,
amhail ollscoileanna, gnólachtaí nó clubanna, a chuireann
seirbhísí ar fáil trí nua-theangacha iasachta. Ansin, oibrigh leis
an mBainisteoir Gníomhaíochtaí chun teagmháil a dhéanamh
leo agus cuireadh a thabhairt dóibh chuig bhur n-imeacht
> Aimsigh bealaí chun na sonraí atá bailithe agat a chur i
láthair ag bhur n-imeacht, mar shampla trí phóstaeir nó
trí chur i láthair, agus fíricí spéisiúla faoi na teangacha i
bhur scoil a roinnt
> Aimsigh siopaí nó bialanna áitiúla i do cheantar a d’fhéadfadh
suim a bheith acu cur le himeacht #ThinkLanguages, mar
shampla bialann Iodálach nó siopa Brasaíleach, srl
> D’fhéadfadh cúnamh a bheith ag teastáil ón mBainisteoir
Sceidealaithe agus ón mBainisteoir Gníomhaíochtaí chun
cainteoirí a aimsiú agus amanna a shocrú dóibh. Bí cinnte
torthaí do thaighde a roinnt leis an bhFoireann Seaimpíní!
Tascanna agus Freagrachtaí
> Eagraigh cruinnithe rialta don Fhoireann Seaimpíní chun
an t-imeacht agus na tascanna atá fós le déanamh a phlé
> Spreag dearcadh dearfach agus comhoibriú laistigh
d’Fhoireann Seaimpíní #ThinkLanguages
> Bí i d’ambasadóir don imeacht i do scoil agus
spreag scoláirí agus múinteoirí eile chun spéis
a chur ann agus páirt a ghlacadh ann
> Oibrigh go dlúth leis na múinteoirí tacaíochta
agus bí mar phríomhphointe teagmhála eatarthu
agus an Fhoireann Seaimpíní
> Bí oscailte agus cabhrach do gach ball eile den fhoireann
> Cinntigh go gcloítear le spriocdhátaí an imeachta
agus na gcomórtas
> Scaip an scéal faoin gComórtas Póstaeir Aonair
i measc an ghrúpa bliana
> Pleanáil agus eagraigh bhur n-iontráil do
Chomórtas Vlaga Fhoireann Seaimpíní