#ThinkLanguages Irish Handbook 2026 - Flipbook - Page 31
Bainisteoir Sceidealaithe na Féile
Is é atá i gceist leis an ról seo ná imeachtaí na féile a
phleanáil agus obair bhaill na foirne a chomhordú chun
a chinntiú go n-éireoidh le gach gné den imeacht.
Tascanna agus Freagrachtaí
> Déan cinneadh ar an lá nó ar na laethanta le linn Sheachtain
#ThinkLanguages a reáchtálfaidh sibh bhur n-imeacht
> Labhair leis an mBainisteoir Gníomhaíochtaí agus leis an
mBainisteoir Léiriúcháin chun eolas a fháil faoin trealamh
atá de dhíth, fad na ngníomhaíochtaí, infhaighteacht
na gcainteoirí agus an t-am a bheidh ag teastáil don
ullmhúchán
> Smaoinigh an mbeidh gá an grúpa bliana a roinnt,
nó an mbeidh gach duine páirteach sna gníomhaíochtaí
go léir le chéile
> Cuir é seo san áireamh agus tú ag pleanáil sceideal na féile
> Coinnigh súil ar an am le linn bhur n-imeachta
#ThinkLanguages agus cinntigh go bhfuil gach
duine ag cloí leis an sceideal
Bainisteoir Margaíochta
agus Bolscaireachta
Tá an ról seo dírithe ar an imeacht a chur chun cinn agus
a dhoiciméadú roimh Sheachtain #ThinkLanguages,
le linn na seachtaine, agus ina diaidh.
Tascanna agus Freagrachtaí
> Faigh amach faoi mheáin shóisialta do scoile
agus cé atá i gceannas orthu. Beidh ort a gcabhair
a fháil chun scéal bhur n-imeachta a scaipeadh!
> Déan taighde ar theicnící éifeachtacha margaíochta agus
cuir plean le chéile chun bhur n-imeacht a chur chun cinn
> Déan cinneadh faoi cé ar cheart a bheith ar an eolas faoin
imeacht – scoláirí, múinteoirí, tuismitheoirí nó daoine i do
phobal – agus smaoinigh ar na bealaí is fearr chun bhur
dteachtaireacht a chur os a gcomhair
> Smaoinigh ar bhealaí eile chun bhur n-imeacht a chur
chun cinn sa scoil agus sa phobal áitiúil. Is áit mhaith le
tosú iad póstaeir, fógra ar idirchum na scoile nó alt sa
nuachtán áitiúil
> Féach ar na hacmhainní atá ar fáil ar
languagesconnect.ie/thinklanguages
Bainisteoir Gníomhaíochtaí
Bainisteoir Léiriúcháin
Is é atá i gceist leis an ról seo ná na gníomhaíochtaí agus
na ceardlanna don imeacht a phleanáil agus oibriú leis an
bhFoireann Seaimpíní chun iad a ullmhú agus a reáchtáil.
Tá an ról seo dírithe ar an trealamh uile atá de dhíth
don imeacht a eagrú, seomraí a chur in áirithe agus a
chinntiú go mbeidh na spásanna uile réidh don imeacht.
Tascanna agus Freagrachtaí
Tascanna agus Freagrachtaí
> Smaoinigh ar scoláirí, tuismitheoirí nó múinteoirí a
d’fhéadfadh caint a thabhairt nó ceardlann a reáchtáil mar
chuid de bhur n-imeacht. Déan teagmháil leo agus tabhair
cuireadh dóibh páirt a ghlacadh ann!
> Tar éis duit na socruithe a dheimhniú leis an mBainisteoir
Sceidealaithe, cuir an t-eolas riachtanach ar fad ar fáil
do na cainteoirí agus do na héascaitheoirí ceardlainne
> Oibrigh go dlúth leis an mBainisteoir Léiriúcháin chun a
chinntiú go mbeidh an fhoireann, an scoil agus na seomraí
ullamh do na gníomhaíochtaí roghnaithe.
> Cuir in iúl do na scoláirí a bheidh ag freastal ar na
ceardlanna cén trealamh a bheidh de dhíth orthu
> Déan iniúchadh ar cheardlann ar líne agus ar
ghníomhaíochtaí eile do Sheachtain #ThinkLanguages,
mar shampla scannán i dteanga iasachta a fheiceáil
sa phictiúrlann áitiúil leis an IFI nó cuairt a thabhairt
ar champas ollscoile
> Tar éis duit labhairt leis an mBainisteoir Gníomhaíochtaí,
cuir liosta le chéile den trealamh uile a bheidh ag teastáil do
gach gníomhaíocht i bhur n-imeacht #ThinkLanguages
> Socraigh cé mhéad seomra agus cén cineál spásanna a
bheidh de dhíth don imeacht (mar shampla an halla spóirt
nó an chistin). Ansin, labhair leis na baill foirne ábhartha
chun iad a chur in áirithe do lá nó do laethanta bhur
n-imeachta
> An mbeidh scáileáin, teilgeoirí, callairí nó
micreafóin ag teastáil don imeacht? Cinntigh go
bhfuil cead agat iad a úsáid agus go bhfuil a fhios
agat conas iad a oibriú
> Pleanáil leis an bhfoireann conas na seomraí agus na
spásanna a mhaisiú don imeacht, agus cinntigh go mbeidh
gach rud réidh in am do Sheachtain #ThinkLanguages